Date: 07 Ean 2026
Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!
Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.
Beidh an seó bliantúil ar siúl i Lárionad Comhdhála Idirnáisiúnta an Waterfront i mBéal Feirste agus táthar ag súil le hoiread agus 10,000 cuairteoir le linn an deireadh seachtaine ón Aoine 9 go dtí an Domhnach 11 d’Eanáir, agus beidh sé ina ardán tábhachtach do Thurasóireacht Dhún na nGall le saoirí chuig an chontae a chur chun cinn.
I measc na ngnólachtaí a mbeidh taispeántas acu mar chuid de stalla Go Visit Donegal i mBéal Feirste beidh Teach Solais Fhánada, Clachán Ghleann Cholm Cille, Óstán Arnold, Óstán an Abbey, Turais Tatter Jack agus Campa an Atlantaigh Fhiáin.
I mBaile Átha Cliath, idir an 23 agus 26 Eanáir, beidh cuairteoirí in ann bualadh le hionadaithe ó Oideas Gael, Aerfort Dhún na nGall, Óstán Harvey’s Point, Óstán Dillon, Eispéireas Shliabh Liag agus tuilleadh.
Tá lúcháir ar Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, go mbeidh ionadaíocht ag Dún na nGall ag an dá Sheó Saoire, agus dúirt sé ‘go dtugann na seónna deis iontach dúinn chun tuilleadh cuairteoirí a mhealladh ó Thuaisceart Éireann, ó Bhaile Átha Cliath agus ó na contaetha eile in aice leis go Dún na nGall. Mar thoradh ar na heitiltí díreach isteach ó Bhaile Átha Cliath go hAerfort Dhún na nGall, ní raibh sé riamh ní b’fhusa cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall’.
Duine ar bith a thiocfaidh chuig stalla Dhún na nGall ag an dá sheó, beidh siad in ann cóip den bhróisiúr úrnua do 2026 de chuid Go Visit Donegal a phiocadh suas – bróisiúr úr 48 leathanach atá ag cur thar maoil le smaointe faoi rudaí is féidir a dhéanamh agus a fheiceáil, agus faoi na háiteanna sa chontae arbh fhiú dul chucu. Tá an bróisiúr ar fáil lena íoslódáil fosta ó shuíomh gréasáin Go Visit Donegal.
Tá Joy Browne, Bainisteoir Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag tathant ar dhaoine a bhfuil Dún na nGall ar a liosta mianta teacht chuig an stalla. Dúirt sí: ‘is deis iontach í seo le tuilleadh eolais a fháil faoi Dhún na nGall ó na daoine atá ina gcónaí ann agus a oibríonn ann, agus é sin uilig faoin aon díon amháin. Tá ár ngnólachtaí turasóireachta ag dúil go mór le bualadh le cuairteoirí atá ag smaointiú ar theacht anseo le go dtig leo gach eolas a thabhairt do na cuairteoirí sin faoin chontae, agus beidh an fhoireann ó Go Visit Donegal ar fáil fosta chun comhairle agus eolas sa bhreis a thabhairt. Tá muid ar bís chun bheith i láthair ag an dá sheó agus tá muid ag dréim le cúpla deireadh seachtaine iontach gnoitheach ar fad’.
Beidh comórtas iontach ar siúl le linn an dá dheireadh seachtaine, ina mbeidh duaiseanna á soláthar ag Aerfort Dhún na nGall, Óstán an Waterfront, Oideas Gael, Teach Ósta an Chuain i mBun Cranncha, Teach Solais Fhánada, Óstán Arnold agus Óstán Theach an Stáisiúin, agus beidh go leor deiseanna ann turas go Dún na nGall a bhaint.
Osclófar seó Bhéal Feirste Dé hAoine beag seo 9 Eanáir ar 12.30pm go dtí 5:00pm agus arís (10ú) agus Dé Domhnaigh (11ú) ó 10:00am go dtí 5.00pm gach lá i LCI an Waterfront.
Beidh seó Bhaile Átha Cliath ar siúl ón Aoine 23 go dtí an Domhnach 26 Eanáir ó 12:30pm go dtí 5:00pm agus arís Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 10:00am-5pm gach lá.
Tá an Seó Saoire ina thogra de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Turasóireacht Dhún na nGall agus le gnólachtaí turasóireachta ar fud an chontae.
Tá ticéid agus eolas faoi chostas ar fáil don dá sheó ag an nasc seo: https://holidayworldshowni.com/