Skip to main content

January

Fógra ARV Rátaí Tráchtála 2026

Date: 05 Ean 2026

Corparáideach

Fógra ARV Rátaí Tráchtála 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) atá ar gach sealúchas inrátáilte laistigh d’údarás rátáilte Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain airgeadais dar tús 1 Eanáir 2026 agus dar críoch 31 Nollaig 2026.

  • Tá Rátaí Tráchtála le híoc ón 1 Eanáir gach bliain agus tá siad iníoctha mar aon táille amháin. Mar sin féin, leanfaidh an Chomhairle de bheith ag glacadh le híocaíochtaí míosúla trí dhochar díreach, má iarrtar sin.
  • De réir forálacha Alt 12 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe ​​Eile 2019, gearrfar ús ar rátaí atá thar téarma. Faoi Alt 12, “béarfaidh siad ús ón gcéad lá d’Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla a mbainfidh na rátaí léi go dtí go n-íocfar iad”.
  • Beidh ráta úis laethúil de 0.0219 nó 8% in aghaidh na bliana i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar rátaí nár íocadh ó 2025.

Arna dhátú inniu 5 Eanáir 2026
Sínithe: - John G. Mc Laughlin
Príomh-Fheidhmeannach
Comhairle Contae Dhún na nGall


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)