Skip to main content

January

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Date: 28 Ean 2026

Pobal

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.  

Sheol an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an Clár Feabhsúcháin Áitiúil, le leithdháileadh náisiúnta de €7 milliún, le rogha iarratais ar dheontais chaipitil bheaga agus mhóra araon mar seo a leanas:

  • Deontas Beag: (€500-€1,000) chun miondeisiúcháin agus feabhsúcháin a dhéanamh ar áiseanna pobail nó chun tacú le trealamh a cheannach.
  • Deontas Mór: (€5,000-€10,000) chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar áiseanna pobail nó chun tacú le trealamh a cheannach.

Ag seoladh na Scéime ag deireadh 2025, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D.: “Tacaítear le pobail áitiúla chun a dtodhchaí a mhúnlú, mar phríomhthosaíocht de bheartas forbartha tuaithe an rialtais, ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’. Rachaidh an maoiniú CFÁ atá á fhógairt agam inniu chun tairbhe daoine i ngach uile contae ar fud na tíre agus beifear in ann réimse leathan tionscadal pobail tábhachtach beag a thabhairt i gcrích sna ceantair ina bhfuil an gá is géire leo, trí dhaoine díograiseacha ag obair ina bpobail áitiúla.”

Chuir an Comhairleoir Martin McDermott, Cathaoirleach CFPÁ Dhún na nGall, fáilte roimh an Chiste agus mhol sé do gach Grúpa Pobail agus Deonach sa Chontae iarratas a dhéanamh.

"Aithníonn CFPÁ Dhún na nGall obair luachmhar na nGrúpaí Pobail agus Deonacha ó gach earnáil agus an méid ríthábhachtach atá déanta acu dá bPobail.  Cuireann muid fáilte roimh an Scéim a thacóidh le grúpaí tionscadail bheaga a sheachadadh, trealamh a cheannach agus cuidiú leo ina n-iarrachtaí tacú lena bpobail agus iad a fheabhsú."

Spriocdháta:

Is é 3.30pm  Déardaoin, 26 Feabhra 2026 an spriocdháta chun iarratais ar an Scéim a fháil.

Tá tuilleadh sonraí agus nasc chuig an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag: 

https://www.donegalcoco.ie/en/services/community/funding-programmes-and-grants/local-enhancement-programme-2026/


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)