Date: 19 Ean 2026
Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann
Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear.
Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).
Seoladh an tionscadal go hoifigiúil i Leifear ar an 16 Eanáir. Tá cómhaoiniú á chur ar fáil don tionscadal ag an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta in Éirinn.
Beidh gnéithe ar leith ó thaobh deartha de ag baint leis an tionscadal uaillmhianach seo, tionscadal a bhfuiltear ag obair air ar feadh breis agus deich mbliana agus ar thug an earnáil phobail agus gnólachtaí áitiúla tacaíocht shuntasach dó.
I measc na ngnéithe sin beidh: foirgneamh pailliúin (le haghaidh imeachtaí éagsúla cultúrtha agus oidhreachta); bogach agus spás páirce lasmuigh (le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta agus gníomhaíochtaí oideachasúla timpeallachta); spás spraoi do theaghlaigh (ina mbeidh láthair spraoi eachtraíochta do thachráin agus do pháistí); cosáin agus glasbhealaí trasteorann (le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta agus caitheamh aimsire); agus droichead coise nuathógtha (lena ndéanfar an spás a cheangal go siombalach trasna Abhainn an Fheabhail).
Agus é tógtha, beidh an tionscadal Cois Abhann ina acmhainn lena leanfar le caidrimh thrasphobail agus thrasteorann a chur chun cinn ar dhóigh leanúnach fhiúntach trí réimse de ghníomhaíochtaí pleanáilte a spriocdhíreofar ar ghrúpaí éagsúla.
Tá an tionscadal seo mar thoradh ar chomhpháirtíocht láidir trasteorann idir an comhpháirtí ceannais Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, a bheas comhfhreagrach as an tionscadal a thógáil, a sholáthar agus a chothabháil.
Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire ar a bhfuil Freagracht maidir le Forbairt Pobail agus Carthanais, Jerry Buttimer TD, fáilte roimh an fhógra.
Is é a dúirt an tAire Calleary: “Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin as a dtiomantas agus as a gcuid oibre crua leis an iarratas a ullmhú, agus as a bheith rannpháirteach i gcur i bhfeidhm an tionscadail. Tá lúcháir orm go mbeidh mo roinn féin, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, i gcomhpháirt le Foras um Chláir Speisialta an AE agus leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, ag tacú leis an tionscadal thar an ghnáth seo.
Dúirt an tAire Buttimer: “Tríd an Réimse Infheistíochta um Athshamhlú Pobal, tacófar le sochaí níos aontaithe a chruthú trí níos mó spásanna agus seirbhísí comhroinnte a sholáthar, rud a bheas chun leasa na síochána agus an athmhuintearais agus a neartóidh iad. Bainfidh na pobail áitiúla seo tairbhe as seirbhísí feabhsaithe agus as bonneagar feabhsaithe.”
Is é a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers TD; “Tá áthas orm a bheith i láthair ag seoladh thionscadal Cois Abhann. Beidh tionchar nach beag aige ar Leifear, ar an Srath Bán agus ar na ceantair máguaird, beidh sé ina acmhainn phobail den chéad scoth a mbeidh daoine as gach cúlra in ann teacht le chéile ann.
“Is sampla iontach é an tionscadal Cois Abhainn den méid gur féidir a bhaint amach tríd an chlár PEACEPLUS nuair a chomhcheanglaítear méideanna suntasacha maoinithe le tiomantas, le díograis agus le comhoibriú trasteorann idir gníomhaireachtaí agus pobail atá ag iarraidh timpeallacht níos fearr a thógáil agus caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine agus do theaghlaigh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhpháirtithe an tionscadail agus le Foras um Chláir Speisialta an AE as a gcuid oibre agus as a dtiomantas chun é seo a chur i gcrích.”
Is é a dúirt an tAire Pobal, Gordon Lyons CTÁ (Comhalta Tionóil Áitiúil): “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall agus lena Comhpháirtí Tionscadail, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, as an Tionscadal Cois Abhann a thabhairt chun cinn agus maoiniú PEACEPLUS a bhaint amach. Tá moladh tuillte ag an dá chomhairle as a gcomhiarrachtaí agus as a dtiomantas, ar feadh blianta fada, leis an tionscadal a bhrú chun tosaigh.
“Tá an Tionscadal Cois Abhann ar cheann de na tionscadail a dtacaítear leo trí mo roinn féin faoi PEACEPLUS - An Réimse Infheistíochta um Athshamhlú Pobal ar cuspóir leis an chuma atá ar spásanna pobail agus an dearcadh atá ann ina leith a athrú ó bhonn. Mar Aire Pobal, is é mo mhian féin polasaithe agus cláracha a chur i bhfeidhm a mbeidh tionchar suntasach fiúntach acu, atá inbhuanaithe, agus a mbeidh fíorbhuntáistí leo a mhairfidh i bhfad.
“Tá mé muiníneach, nuair a bheas sí curtha i gcrích, go mbeidh An Pháirc Phobail Cois Abhann, agus an droichead coise agus rothar atá mar chuid di tógtha trasna Abhainn an Fheabhail, go mbeidh sí ina hacmhainn chomhroinnte úr phobail den chéad scoth, agus go mbainfear úsáid aisti le gníomhaíochtaí fóillíochta, oideachasúla agus caomhnaithe a chur chun cinn don uile dhuine”.
Seo mar a labhair Gina McIntyre, POF le FCSAE: “Is é is cuspóir leis an tionscadal uaillmhianach seo, An Pháirc Phobail Cois Abhann, easaontais stairiúla a mhaolú trí dheiseanna, trí chomhphlé agus tríd an ionchuimsitheacht. Cuideoidh sí le dúshraith a leagan síos le haghaidh na síochána agus na rathúlachta atá bunaithe ar an chóimheas agus ar an athrú dearfach a sholáthar don am atá le teacht.
“Dírítear sa tionscadal seo ar neart deiseanna a chruthú chun saoránaigh a thabhairt le chéile. Beidh an Pháirc Cois Abhann mar áit ina dtig le gach duine a bheith páirteach, beag beann ar aois, ar chúlra ná ar chreideamh.
“Trí thionscadail den chineál seo, leanfaidh PEACEPLUS leis ag cruthú todhchaí ina mbeidh síocháin, rathúlacht agus comhpháirtíocht i bhfeidhm ar fud Thuaisceart Éireann agus ar fud na gcontaetha ar an teorainn”.
Agus é ag plé na comhpháirtíochta seo agus ag machnamh ar a thábhachtaí atá an spás úr seo, dúirt Paul Canning, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, go raibh sé ag dúil go mór leis an tionscadal a fheiceáil i bhfeidhm: “Is tionscadal é seo a bhfuil muintir Leifir agus an tSratha Báin iontach tógtha faoi. Mar Chomhairle, tá béim mhór againn ar chaidrimh a neartú ar dhóigh leanúnach agus dhearfach idir gach taobh dár bpobail. Tá mé ag súil leis an obair a fheiceáil á cur i bhfeidhm le himeacht na mblianta.
“Sílim go bhféadfadh an Pháirc Phobail seo a bheith ina heiseamláir do réigiúin eile agus ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do FCSAE, don Roinn Pobal agus don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscnamh spleodrach mar seo”, ar seisean.
Dúirt Méara Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, An Clr. Ruairí McHugh, gur infheistíocht den chéad scoth é Tionscadal na Páirce Pobail Cois Abhann agus gur vóta muiníne é inár dtodhchaí comhroinnte. Dúirt sé: “Is toradh díreach í an Pháirc Phobail Cois Abhann ar an chomhoibriú agus ar an chomhpháirtíocht eisceachtúil leanúnach idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Fóram Pobail na Páirce Cois Abhann. Mar thoradh ar an infheistíocht seo trí mhaoiniú PEACEPLUS, beidh spás comhroinnte sábháilte, fáiltiúil agus neodrach ann a dtig le daoine teacht le chéile ann beag beann ar a gcúlra.
“Is léiriú fisiciúil é an tionscadal seo ar shochaí atá ag athrú, atá muiníneach agus atá nasctha le chéile, agus is eiseamláir chumhachtach é ar an dóigh a bhfuil an dá Chomhairle ag déanamh infheistíochta sa tsíocháin agus ag forbairt fíorphobail ar fud an Iarthuaiscirt. Beidh an Pháirc Phobail Cois Abhann ina spreagadh don athrú ó bhonn do na pobail ar an tSrath Bán, i Leifear agus ar fud an Iarthuaiscirt ar fad.”