Skip to main content

January

Tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí oidhreachta faoi Scéim na Comhairle Oidhreachta

Date: 12 Ean 2026

Oidhreacht

Tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí oidhreachta faoi Scéim na Comhairle Oidhreachta

Táthar ag glacadh le hiarratais anois faoi Chiste Tacaíochta Eagraíochtaí Oidhreachta, a chuireann tacaíocht airgid ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus neamhrialtasacha atá ag obair san earnáil oidhreachta. Faoi Scéim na Comhairle Oidhreachta, bíonn sé ar chumas eagraíochtaí oidhreachta tuarastail a bhfoirne agus costas cíosa a dhíol, foireann úr a fhostú, cur le scileanna agus oiliúint, agus dóigheanna úra oibre a chur chun cinn. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne trí Chóras Bainistíochta Deontas Ar Líne na Comhairle Oidhreachta. Tá go dtí 5 p.m. Dé Luain, 26 Eanáir 2026 ag eagraíochtaí le hiarratas a dhéanamh.

“Chuir an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht ar fáil do dhá eagraíocht oidhreachta atá lonnaithe i nDún na nGall, in 2025” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta. D’éirigh le hIontaobhas Brian Friel agus Músaem Muirí Inis Eoghain faoin scéim, ina bhfuil maoiniú suas le €50,000 ar fáil do gach eagraíocht. Ní mór go mbeadh eagraíochtaí a chuireann iarratas isteach ábalta a dtábhacht réigiúnach nó náisiúnta a léiriú agus caithfidh siad a bheith ag tabhairt faoi ghnéithe a chuireann le cur i bhfeidhm pholasaithe agus pleananna náisiúnta. Tá léargas iomlán ar an chritéir cháilitheachta agus eolas ábhartha eile le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta:

www.heritagecouncil.ie”.

 Tá seimineár gréasáin ar taifeadadh roimhe seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag:

www.heritagecouncil.ie/funding/heritage_orgs-fund. Beidh sé seo ina chuidiú acu sin ar mian leo iarratas a dhéanamh faoin scéim. Tá comhairle maidir leis an iarratas ar fáil fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ach r-phost a sheoladh chuig heritage@donegalcoco.ie  glaoch a chur ar (074) 917 2576.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Image text description

Date: 29 Ean 2026

Breis agus €212,000 faighte ag Dún na nGall mar Mhaoiniú don Oidhreacht Thógtha

Fógraíodh dhá scéim um dheontais chaomhnaithe ar na mallaibh maidir le maoiniú chun tacú le 16 fhoirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)