Skip to main content

March

An tAcht um Leasú DCB agus Rialacháin (Deontas Méadaithe)

Date: 02 Márta 2026

Tithíocht

An tAcht um Leasú DCB agus Rialacháin (Deontas Méadaithe)

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall gur achtaíodh an tAcht um Leasú DCB agus na Rialacháin um Theaghaisí a ndearnadh Damáiste dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach (Deontas Méadaithe) 2026. Tagann an reachtaíocht seo sna sála ar an iarracht shuntasach atá déanta ag go leor páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhaltaí Tofa agus Comhaltaí den Oireachtas.

Cé go bhfuil roinnt Leasuithe san Acht um Leasú DCB, cuireann na Rialacháin (Deontas Méadaithe) dhá phríomhleasú i bhfeidhm ar an reachtaíocht atá ann cheana:

1. foráil a dhéanamh maidir le hiarratas ar mhéadú ar mhéid deontais le haghaidh feabhsúcháin i  dteaghaisí áirithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr bloic choincréite lochtacha a úsáid; 

2. an teorainn ama chun deontas le haghaidh feabhsúcháin a íoc a leasú.

Cuideoidh na leasuithe tuilleadh le húinéirí tí a dtithe, a raibh tionchar ag láithreacht ábhar díobhálach orthu agus a ndearna sé difear dóibh, a fheabhsú.

Tá obair shuntasach déanta ag an Chomhairle ag ullmhú do thosach feidhme na Leasuithe, agus tá an Tairseach Ar Líne á nuashonrú faoi láthair leis an méid sin a léiriú.

Tá os cionn 77% de na hiarratais ar fad ar an Scéim Fheabhsaithe taobh istigh dá Limistéar Riaracháin ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

I bhfianaise líon na n-iarratas, is dócha go dtógfaidh sé go leor ama le forfheidhmiú an aisbhreathnaithe a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is gá tosaíocht a thabhairt do na cohóirt éagsúla iarratas a mbainfidh an t-aisbhreathnú leo.

Is cur chuige é an tosaíocht seo atá cosúil leis an chur chuige a ghlac an Chomhairle ag tús na Scéime Feabhsaithe.

Beidh trí chohórt iarratas ann:

·Tosaíocht 1 – Iarratasóirí a bhfuil Obair Feabhsúcháin curtha i gcrích acu i ndiaidh an 29 Márta 2024 agus a bhfuil a nÍocaíocht Deiridh faighte acu. Beidh an Méid Deontais a bhí ar fáil caite ag an chohórt iarratasóirí seo agus dá bhrí sin beidh sé ina Thosaíocht 1 don Mhéid Deontas Méadaithe, nuair is infheidhme.

·Tosaíocht 2 – Iarratasóirí a bhfuil Obair Feabhsúcháin ar siúl acu agus atá ar laithreán faoi láthair. Baineann an cohórt seo d'iarratasóirí tairbhe as rochtain leanúnach ar a Méid Deontais reatha agus dá bhrí sin is iad sin Tosaíocht 2.

·Tosaíocht 3 – Iarratasóirí a bhfuil Méid Deontais faighte acu ach nach bhfuil tús curtha acu le hoibreacha / fógra tugtha acu go fóill don Chomhairle faoina dtosach. Níl tús curtha ag an chohórt seo iarratasóirí go fóill le hOibreacha Feabhsúcháin agus nuair a thosóidh siad bainfidh siad tairbhe as rochtain ar a Méid Deontais reatha agus dá bhrí sin is iad sin Tosaíocht 3.


De réir na reachtaíochta,
atá díreach foilsithe, beidh ar iarratasóirí a d'fhéadfadh a bheith incháilithe do Dheontas Rogha Feabhsúcháin Méadaithe iarratas a dhéanamh ar an méadú sin.

Beidh Tíl thiomnaithe dar teideal "Déan Iarratas ar Dheontas Rogha Feabhsúcháin Méadaithe " ar fáil ar an Tairseach Ar Líne d'iarratasóirí i nGrúpa Tosaíochta 1.

Beidh ar iarratasóirí fianaise ar chaiteachas cáilitheach a uaslódáil, i.e. sonraisc le caiteachas cáilitheach (idir Oibreacha Feabhsúcháin agus Táillí Gairmiúla).

Beidh an tíl thiomnaithe ar fáil nuair a bheidh forbairt an chórais agus an tástáil deiridh críochnaithe.

A luaithe a bheas an Tíl ar fáil do Ghrúpaí Tosaíochta eile, cuirfear é sin in iúl d'iarratasóirí.

A luaithe a gheobhaidh an Chomhairle Iarratas ar Dheontas Rogha Feabhsúcháin Méadaithe, cinnfidh an Chomhairle i leith an iarratasóra:

1. má fuair siad a gcinneadh bunaidh roimh an 23 Deireadh Fómhair 2024 agus má tá fianaise acu ar chaiteachas cáilitheach,

2. má tabhaíodh caiteachas cáilitheach ón 29 Márta 2024 a bhí gan íoc de bhrí gur shroich siad uasteorainn a ndeontais rogha feabhsúcháin faofa.

ciallaíonn 'caiteachas cáilitheach' caiteachas, le linn oibreacha a dhéanamh chun an rogha feabhsúcháin faofa a shásamh, arna thabhú ag an úinéir iomchuí i ndiaidh dháta an fhógra maidir le méid an deontais agus an cinneadh, ach tráth nach luaithe ná an 29 Márta 2024.".

(áirítear Oibreacha Feabhsúcháin agus Táillí Gairmiúla).

I ndiaidh an mheasúnaithe, cuirfidh an Chomhairle in iúl don iarratasóir faoin chinneadh maidir leis an Iarratas ar Dheontas Rogha Feabhsúcháin Méadaithe agus maidir le haon Deontas Rogha Feabhsúcháin Méadaithe is infheidhme. Ardóidh rátaí deontais iníoctha in aghaidh an mhéadair chearnaigh thart ar 7.4 – 8.7% ag brath ar an rogha feabhsúcháin. Ardóidh Uasteorainn na Scéime 10% go €462,000 ón €420,000 atá ann faoi láthair.

Beidh ar Iarratasóirí Faofa ansin Éileamh Íocaíochta a chur isteach, de réir na reachtaíochta, i leith an chaiteachais cháilithigh ar mian leo aisíocaíocht a lorg ina leith. Is féidir an tÉileamh Íocaíochta sin a chur isteach tríd an Tairseach Ar Líne.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbaineann an tAisbhreathnú le rátaí Deontais Choimhdeacha.

Faoi láthair, tá foireann na Comhairle ag cur eolas ar na treoirlínte atá siad díreach i ndiaidh a fháil, agus tá an Chomhairle buíoch as foighd agus tuiscint leanúnach úinéirí tí agus an fhoireann ag bainistiú an ualach oibre méadaithe seo, le linn na tréimhse tosaigh cur chun feidhme.

Cuimhnigh, le do thoil, go bhfuil líon mór glaonna agus fiosrúchán á bhfáil ag an Chomhairle i gcéimeanna luatha chur chun feidhme na Leasuithe.

Iarrtar ar iarratasóirí, le bhur dtoil, athbhreithniú a dhéanamh ar an fhaisnéis ábhartha ar fad ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar an Tairseach Ar Líne agus teagmháil a dhéanamh leis na hÉascaitheoirí Pobail, más gá.

Féach an t-eolas iomlán ag an nasc seo a leanas:

https://www.donegalcoco.ie/en/services/housing/defective-concrete-blocks/dcb-amendment-act/

Eiseofar tuilleadh sonraí in am trátha.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)