Date: 03 Márta 2026
Breis is 130 gnólacht turasóireachta ag teacht le chéile ag Nasc Turasóireachta Dhún na nGall
Beidh mórócáid nasctha turasóireachta Dhún na nGall ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 4 Márta, in Óstán Jackson i mBealach Féich. Beidh gnólachtaí turasóireachta as achan chearn den chontae ag teacht le chéile le linn Nasc Turasóireachta Dhún na nGall, atá á óstáil ag Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann. Buailfidh na gnólachtaí lena gcomhghleacaithe chun plé a dhéanamh ar fhéidearthachtaí le comhoibriú mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil.
Beidh Doug Lansky mar aoichainteoir ar an lá. Is ceannaire smaointeoireachta ar thurasóireacht idirnáisiúnta é, chomh maith le bheith ina údar agus ina shaineolaí ar áiteanna mar cheann scríbe. Tá comhairle tugtha ag Doug do cheann scríbe ar fud an domhain le go mbeadh siad nuálach, le cuairteoirí a mhealladh chucu agus le rath inbhuanaithe a bhaint amach iontu. Is í Andrea Gilligan de bhunadh Dhún na nGall agus a bhíonn i mbun ‘Lunchtime Live’ ar Newstalk, a bheidh ina bean an tí ag an ócáid. Tabharfaidh pléphainéal dar teideal “Bunaithe ar Chreideamh”- léargas ar an dóigh a múnlaíonn diongbháilteacht, comhoibriú agus pobal tairiscint turasóireachta Dhún na nGall.” Tabharfar léargas fosta ar theacht aniar agus ar mhuinín roinnt gnólachtaí sa chontae.
Tá breis is 130 gnólacht turasóireachta cláraithe le freastal, agus tá breis is 500 cruinniú beartaithe don lá - beagnach dhá oiread níos mó ná líon na gcoinní a bhí ag ócáid na bliana seo caite.
Tá Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall CTR, John G. McLaughlin, ag súil leis an ócáid. “Is spreagadh dúinn é an borradh a tháinig ar an ócáid ó bhí anuraidh ann agus a thiomanta is atá na gnólachtaí freastal ar an ócáid agus bualadh le gnólachtaí eile ó áiteanna ar fud na contae agus é mar aidhm acu comhoibriú lena chéile sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Beidh go leor le foghlaim ar an lá agus guím gach rath ar gach duine a bheas páirteach ann is go n-éirí leis an seimineár agus go raibh séasúr rathúil rompu.”
Dúirt bainisteoir ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Fáilte Éireann, Joan Crawford, “Seo an dara bliain de Nasc Turasóireachta Dhún na nGall agus is mór againn a fheiceáil ó na gnólachtaí turasóireachta gur mian leo freastal agus comhoibriú a chothú le linn na hócáide. Is é ‘Creideamh’ téama Sheachtain Fiontair Áitiúil agus tá muinín ag na gnólachtaí seo go léir as a rannpháirtíocht in earnáil turasóireachta Dhún na nGall agus tuigeann siad cumhacht an chomhoibrithe. Tá a fhios againn go gcothófar go leor comhpháirtíochtaí nua ar an lá agus go dtiocfaidh smaointe nua chun cinn dá bharr.”
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, “Is é an aidhm atá le Seachtain Fiontair Áitiúil ná gnólachtaí i nDún na nGall a chur i lár an aonaigh agus níl aon áit níos fearr lenár ngnólachtaí turasóireachta a chur chun cinn i measc a chéile ná ag Nasc Turasóireachta Dhún na nGall. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe i bhFáilte Éireann as comhoibriú lenár bhfoireann féin ar an ócáid, chun an t-ardán is fearr a chinntiú do ghnólachtaí turasóireachta sa chontae chun gur féidir leo bheith i mbarr a réime.”