Skip to main content

March

Cuairt an Aire Dara Calleary go Dún na nGall

Date: 24 Márta 2026

Pobal

Cuairt an Aire Dara Calleary go Dún na nGall

Thug an tAire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, cuairt ar Dhún na nGall Dé Luain, an 23 Márta 2026, le dhá thionscadal a oscailt go hoifigiúil sa chontae.

Thosaigh an tAire an lá i gCeantar Bhardasach Dhún na nGall, áit ar osclaíodh Páirc Phobail Bhaile an Lathaigh go hoifigiúil. Rinneadh maoiniú ar an bpáirc seo trí Scéim CLÁR 2023 agus Scéim Athnuachana Bailte & Sráidbhailte 2023.

Cuireadh fáilte roimh an Aire ag an ócáid ag Cathaoirleach Cheantar Bardasach Dhún na nGall, Cllr. Micheal Naughton, Coiste Forbartha Halla an Lathaigh, chomh maith le hionadaithe poiblí agus pobail.
Forbraíodh an tionscadal seo chun áis nua áineasa lasmuigh a chruthú agus chun feabhas a chur ar limistéar poiblí lasmuigh i mBaile an Lathaigh. Áirítear ann Láthair Ilúsáide Cluichí atá inrochtana, Trealamh Súgartha nua agus Gairdín Céadfach Pobail.

Ag labhairt dó faoina chuairt ar Bhaile an Lathaigh, dúirt an tAire Calleary:
“Tá an áthas orm bheith anseo i mBaile an Lathaigh i nDún na nGall chun an spás pobail iontach seo a oscailt go hoifigiúil. Cuireadh maoiniú €250,000 ar fáil faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2023 ó mo Roinn le háis áineasa lasmuigh a chruthú. Cuireadh €50,000 eile ar fáil faoin gclár CLÁR 2023 le haghaidh gairdín céadfach.

Tá na tionscadail seo fite fuaite le chéile chun spás sábháilte, fáilteach agus cuimsitheach a sholáthar do theaghlaigh agus cairde. Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt don phobal áitiúil agus do Chomhairle Contae Dhún na nGall as an gcomhoibriú a bhí eatarthu ar na tionscadail seo.

Bhí an áthas orm freisin breis is €26.2m a fhógairt faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 anuraidh, agus díobh sin, bronnadh beagnach €900,000 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall thar cheithre thionscadal.”

Ba é an chéad stad eile ag an Aire na Caisleán na Finne, áit ar osclaíodh go hoifigiúil an Clós Súgartha athchóirithe ag Ionad CPI sa bhaile. Rinneadh maoiniú ar an tionscadal seo trí Chiste Aitheantais an Phobail 2023, a thug tacaíocht d’fhorbairt bonneagair agus áiseanna pobail mar bhuíochas as fáilte a chur roimh theaghlaigh ón Úcráin agus ó thíortha eile.

Ghlac Cllr. Martin Harley, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Leifear/An Srath an Urláir, Cllr. Martin McDermott, Cathaoirleach LCDC Dhún na nGall, comharthaí ó Choiste Tionscnaimh Pháirtíocht Chaisleán na Finne, ionadaithe poiblí agus muintir an phobail le fáilte roimh an Aire.

Ag labhairt i gCaisleán na Finne, dúirt an tAire Calleary:
“Mar Aire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, tá an-sásamh orm a fheiceáil an tionchar dearfach atá ag Ciste Aitheantais an Phobail ar bhailte agus sráidbhailte ar thug aire agus fáilte dá n aíonna nua.

Beidh an clós súgartha athchóirithe seo, in aice leis an ionad pobail agus an áis cúraim leanaí, ina phríomhionad súgartha agus sóisialaithe do pháistí de gach aois agus dá dteaghlaigh. Léiríonn sé an spiorad ‘Meitheal’ atá le brath nuair a thagann daoine le chéile chun a bpobail a fheabhsú. San iomlán, cuireadh €6.5 milliún ar fáil do 95 tionscadal i nDún na nGall faoin gciste seo.”

Dúirt John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall:
“Bhí áthas orainn inniu a thaispeáint don Aire an tionchar dearfach atá ag na tionscadail seo, a maoiníodh trí chláir éagsúla dá Roinn, ar dhá phobal i gContae Dhún na nGall. Léiríonn na tionscadail seo na buntáistí móra a bhaintear amach ar fud an chontae mar thoradh ar mhaoiniú pobail. Gabhaimid ár mbuíochas leis an Aire as an gcuairt agus as an maoiniú flaithiúil a bronnadh faoi na cláir Athnuachana Bailte & Sráidbhailte, CLÁR, Scéim Bonneagair Áineasa Lasmuigh agus an Ciste Feabhsúcháin Áitiúil in 2025. Tá siad thar a bheith tairbheach dár bpobail, agus tá an tionchar sin ag fás bliain ar bhliain.”


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 24 Márta 2026

Cuairt an Aire Dara Calleary go Dún na nGall

Thug an tAire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, cuairt ar Dhún na nGall Dé Luain, an 23 Márta 2026, le dhá thionscadal a oscailt go hoifigiúil sa chontae

Image text description

Date: 18 Márta 2026

CLÁR 2026

Ag eascairt ón fhógra ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ar an 10 Márta maidir le CLÁR 2026, tá Comhairle Contae Dhún na nGall anois ag lorg Léirithe Spéise ó ghrúpaí pobail do Bheart 1 maidir le tograí tionscadail a bhfuil siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh iontu laistigh dá bpobail.

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)