Skip to main content

March

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Date: 11 Márta 2026

Corparáideach

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bronnadh á dhéanamh thar ceann Choiste na Gaeilge ar an Uachtarán Catherine Connolly le linn di cuairt a thabhairt ar Cheannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall. Sa ghrianghraf - An Clr M Ó Scannláin (Leas-Chathaoirleach Choiste na Gaeilge), An tUachtarán Catherine Connolly, an Clr M Choilm Mac Giolla Easbuig (Cathaoirleach Choiste na Gaeilge), C. Ní Ghallachóir (Rannóg na Gaeilge), J G. McLaughlin (Príomh-Fheidhmeannach), R. Ní Laifeartaigh (Rannóg na Gaeilge) agus an Clr. P Canning (Cathaoirleach).
Bronnadh á dhéanamh thar ceann Choiste na Gaeilge ar an Uachtarán Catherine Connolly le linn di cuairt a thabhairt ar Cheannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall. Sa ghrianghraf - An Clr M Ó Scannláin (Leas-Chathaoirleach Choiste na Gaeilge), An tUachtarán Catherine Connolly, an Clr M Choilm Mac Giolla Easbuig (Cathaoirleach Choiste na Gaeilge), C. Ní Ghallachóir (Rannóg na Gaeilge), J G. McLaughlin (Príomh-Fheidhmeannach), R. Ní Laifeartaigh (Rannóg na Gaeilge) agus an Clr. P Canning (Cathaoirleach).

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. 

D’eascair an chuairt seo as cuireadh a thug Coiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall don Uachtarán chun an chontae ag deireadh na bliana seo a chuaigh thart.

Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí Cathaoirleach agus Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae, Stiúrthóirí agus baill tofa, baill de Choiste na Gaeilge, oifigigh ó Rannóg na Gaeilge, Ceannasaí Oifig Réigiúnach Údarás na Gaeltachta Michéal Mac Giolla Easbuig, Oifigigh Pleanála Teanga sa chontae, daltaí scoile agus ionadaithe ó ghrúpaí pobail Gaeilge ar fud an chontae.

Chuir Cathaoirleach na Comhairle, an Clr Paul Canning fáilte roimh an Uachtarán chun na Comhairle agus chun an chontae, "Is mór an pléisiúr dom fáilte a chur romhat go Seomra na Comhairle agus go Contae Dhún na nGall. Guím gach rath ort i do thréimhse oifige – éireoidh go geal leat. Is mór agam thar ceann mhuintir Dhún na nGall do chuairt anseo inniu.”

Ag labhairt dó, dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin, "Is mór an onóir dúinn sa Chomhairle go bhfuil tú ar cuairt againn chomh luath seo i do thréimhse oifige. Is contae Gaeltachta muid agus tá a fhios agam go bhfuil an-chion agus an-mheas agat ar an Ghaeilge agus ar na hoileáin. Tá an Chomhairle toilteanach comhoibriú leat le linn do thréimhse mar Uachtarán.”

Ina hóráid, rinne an tUachtarán trácht ar na fadhbanna tromchúiseacha atá sa chontae agus sa domhan i láthair na huaire ach tharraing sí aird ar láidreacht agus teacht aniar an phobail. Thug sí aitheantas do chur chun cinn na Gaeilge sa chontae ach mhaígh sí nach mór í a chaomhnú fosta. “Is ábhar dóchais agus cúis áthais ár dteanga álainn a fheiceáil ag dul ó neart go neart, ní díreach i dTír Chonaill, ach ar fud fad na tíre. Níl aon cheist ach go gcaithfear an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr. Déanaimid ár ndícheall ar son na Gaeilge le chéile.” Thug sí gealltanas go bpillfeadh sí ar an chontae arís amach anseo le cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta agus ar na hoileáin. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig go raibh cuairt an Uachtaráin tábhachtach agus gur mhór an choimitmint a léirigh an tUachtarán don chontae le linn a feachtas Uachtaránachta. Thug sé moladh mór do na grúpaí sin a bhí i láthair ó Thoraigh go hÁrainn Mhór, ó Ghleann Cholm Cille go hInis Eoghain, ón Ghaeltacht Láir go dtí an Ghaeltacht Ard agus Gaeltacht an Iarthuaiscirt, atá ag obair lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo. Ghabh sé buíochas le Coiste na Gaeilge agus thug aitheantas don fhorbairt a tháinig ar an choiste le blianta beaga anuas. “Ba ghnách linn bualadh i seomra beag dorcha ach d’athraigh muid sin. Thug muid an coiste amach go dtí’n pobal agus sin mar a bheas sé. Ba mhaith liomsa agus leis an Clr Máirtín Ó Scannláin mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar an choiste a chinntiú go mbeidh ceangal láidir againn le hÁras an Uachtaráin leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh taobh istigh dár gcoiste agus dár gcontae ina iomláine.”

Labhair Leas-Chathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Clr Máirtín Ó Scannláin, faoin bhrú atá ar an Ghaeilge faoi láthair ach mhol sé tiomantas an Uachtaráin i leith na teanga ina cuid oibre “A Uachtaráin, tá a fhios ag achan duine sa seomra seo an brú atá ar an Ghaeilge sa tír seo anois ach tá a fhios againn fosta chomh tábhachtach is atá sé go bhfuil duine cosúil leat féin san Áras, a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh in achan rud a dhéanann tú.”

Bhronn an Chomhairle leabhar le grianghraif dhaite agus ceann le grianghraif dhubha agus bhána de radharcanna i nDún na nGall chomh maith le bróiste, ar an Uachtarán. Cheol Clíona Ní Ghallachóir leagan den amhrán ‘An Mhaighdean Mhara’ agus rinne sí féin agus Róise Ní Laifeartaigh dhá bhréidín ó chomhlacht bréidín McNutts, Na Dúnaibh, a bhronnadh ar an Uachtarán thar ceann Choiste na Gaeilge.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Image text description

Date: 05 Ean 2026

Fógra ARV Rátaí Tráchtála 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) atá ar gach sealúchas inrátáilte laistigh d’údarás rátáilte Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain airgeadais dar tús 1 Eanáir 2026 agus dar críoch 31 Nollaig 2026.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)