Date: 12 Márta 2026
Cuairt tugtha ag baill Cheantar Bardasach na nGleanntach ar ‘Radharc an Oileáin’
Thug baill tofa Cheantar Bardasach na nGleanntach cuairt ar Eastát úr Tithíochta na Comhairle ‘Radharc an Oileáin’, Gaoth Dobhair ar an Mháirt, 10 Márta 2026.
Tá an fhorbairt lándéanta seo de 29 aonad tithíochta atá an-tíosach ar fhuinneamh, á cur i gcrích ag Forbróirí Uí Rabhartaigh Teo i dtrí Chéim:
| Céim 1 | 11 aonad |
| Céim 2 | 8 n-aonad |
| Céim 3 | 10 n-aonad |
Tá an mhórchuid den obair thógála i gCéim 1 curtha i gcrích. Tá teach amháin le 4 sheomra leapa, 6 theach le trí sheomra leapa, agus 4 theach le dhá sheomra leapa ann.
Beidh na tithe seo ar fáil do thionóntaí faoi dheireadh Mhárta 2026.
Táthar ag leanúint leis an obair thógála i gCéim 2 agus 3.