Skip to main content

March

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Date: 23 Márta 2026

Cultúr

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.
Dúirt Chris Mitchell, Oifigeach Sinsearach Rannpháirtíochta ag Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, “Mar chuid de chlár rannpháirtíochta poiblí Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn i mbliana, tá sraith ceardlanna comhchéime á n-eagrú ar fud na tíre le tuairimí an phobail a mheas maidir le príomhábhair AE, lena n-áirítear comhaontú AE-Mercosur. Tá na seisiúin seo deartha le meon an phobail a chruthú agus a chinntiú fosta go léiríonn an comhrá raon leathan dearcthaí. Beidh an chéad seisiún, Réaltacht an AE, ar siúl ag Europe Direct Leitir Ceanainn Déardaoin an 26 Márta.
Tabharfaidh an t-imeacht rannpháirtithe le chéile i suíomh neamhfhoirmiúil le hidirphlé oscailte a bheith acu maidir leis an chomhaontú idir an tAontas agus Mercosur. Agus aird níos mó á tabhairt ar an dóigh a dtig le mífhaisnéis agus bréagaisnéis tuiscint an phobail ar fhorbairtí an Aontais a mhúnlú, déanfar iniúchadh sa phlé fosta ar an dóigh a léirítear insintí faoi Mercosur ar líne agus ar an dóigh a dtig le saoránaigh iad féin a stiúradh níos fearr. Cuideoidh léargais ó rannpháirtithe rannpháirteacha le haird a tharraingt ar na hathruithe is mian le daoine a fheiceáil ó lucht ceaptha beartas agus ar an dóigh a dtig feabhas a chur ar an chumarsáid maidir le cinntí an Aontais amach anseo.
Is bunchuspóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a chur chun cinn. Tá Ionad Europe Direct Leitir Ceanainn suite sa Lárleabharlann. Cuirimid eolas AE ar fáil trí Ghaeilge i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair fosta. I measc ár seirbhísí tá: 
  • Faisnéis agus Rochtain ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE
  • Faisnéis ar dheiseanna taistil do dhaoine óga le Erasmus+ agus Discover EU.
  • Rochtain ar ríomhairí pearsanta le hábhar an AE a chuardach.
  • Nasc saorghlao chuig Deasc chabhrach Europe Direct
  • Imeachtaí, cainteanna, taispeántais, agus comórtais.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)