Skip to main content

March

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Date: 13 Márta 2026

Cultúr

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Tríd an tionscadal sin, a tháinig chun cinn ó Leabharlann an Dá Bhaile i Srath an Urláir, déantar ceiliúradh ar oidhreacht an scríbhneora as Dún na nGall, Frances Browne, agus san am céanna cruthaítear deiseanna do scríbhneoirí atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu lena gcuid saothair a chomhroinnt.

Arna thacú ag Éire Ildánach agus arna fhorbairt i gcomhpháirt le Vision Ireland agus le Féile Liteartha Frances Browne, thug an tionscnamh scríbhneoirí le chéile ó áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann chun bheith páirteach i gceardlanna cruthaitheacha agus chun cur le cnuasach uathúil a foilsíodh i bhformáidí iomadúla inrochtana.

Tá an cnuasach sin, Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight, ar fáil go digiteach tríd an aip BorrowBox do bhaill leabharlainne agus i gcló mór agus i bhfoirm braille trí Bhailiúchán Staidéir Dhún na nGall in achan bhrainse leabharlainne i nDún na nGall.

Chuir Leabharlannaí an Chontae Maureen Kerr fáilte roimh an aitheantas agus thug sí ardmholadh don tionchar a bhí ag an tionscnamh:

“Is aitheantas iontach é seo ar an chruthaitheacht, ar an uaillmhian agus ar an mheon ionchuimsitheach a seasann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall dóibh. Le tionscadal Scéalaithe Frances Browne, léirítear an ról uathúil atá ag leabharlanna maidir le guth daoine a chumhachtú, oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus deiseanna a chruthú do dhaoine a scéalta a chomhroinnt. Tá muid fíorbhródúil as na rannpháirtithe, as na comhpháirtithe agus as na baill foirne a chuidigh leis an tionscadal seo a thabhairt chun cinn”.

Fuair an tionscadal spreagadh ó shaol Frances Browne í féin, scríbhneoir a rugadh i Srath an Urláir ar éirigh léi a bheith ina file agus ina húdar aitheanta sa 19ú haois, in ainneoin gur chaill sí radharc na súl ón bholgach agus í ina leanbh.

Tríd an tionscnamh Scéalaithe Frances Browne, d’fhéach Leabharlanna Dhún na nGall le hómós a thabhairt dá hoidhreacht trí ardán a chruthú do ghuthanna comhaimseartha lena n-eispéiris féin, a gcruthaitheacht féin agus a ndearcthaí féin a chomhroinnt.

Dúirt an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinéad Noonan, a d’fhorbair an tionscadal, gur léiriú é an gradam ar an iarracht chomhoibritheach a bhí taobh thiar den chnuasach a thabhairt chun cinn:

“Ó na chéad chomhráite faoin dóigh is fearr le hómós a thabhairt d’oidhreacht Frances Browne, bhí an comhoibriú, an chrógacht agus an chruthaitheacht ag croílár an tionscadail seo. Rud a thosaigh amach mar smaointiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu, mar a bhí i gcás Frances í féin, d’éirigh sé ina thionscadal i bhfad ní ba láidre agus ní b’fhiúntaí de bharr na flaithiúlachta, na tallainne agus an chreidimh a bhí ag achan duine a bhí páirteach ann.”

Labhair eagarthóir an chnuasaigh agus údar Isla McGuckin ar thionchar an tionscadail:

“Tá tábhacht lenár scéalta éagsúla a chomhroinnt. Sin an dóigh a bhfoghlaimíonn muid faoin eispéireas saoil a bhíonn ag daoine eile, sin mar a thosaíonn muid ag fáil tuigbheáil ar a chéile, agus mar a chruthaíonn muid ceangail dhoimhne lena chéile. Mar sin de, bhí sé ina phribhléid ollmhór agam a bheith ag obair ar an tionscadal Scéalaithe Frances Browne - chun réimse cnuasach a mbeadh tús áite ag an inrochtaineacht iontu a chruthú amach as sraith ceardlann”.

Leis an ghradam seo, cuirtear Leabharlanna Dhún na nGall i measc na seirbhísí leabharlainne poiblí is nuálaí ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, agus aithnítear an ról cumhachtach atá ag leabharlanna maidir le tacú leis an chruthaitheacht, leis an ionchuimsitheacht agus le scéalaíocht an phobail.

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)