Skip to main content

March

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Date: 09 Márta 2026

Cultúr

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar  iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Tá an tionscnamh nua seo á sheachadadh mar chuid den chlár náisiúnta Éire Shláintiúil i do Leabharlann, i gcomhpháirtíocht leis an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ​​(EPA). Leis an scéim seo, is féidir le baill den phobal monatóir radóin digiteach a fháil ar iasacht – mar a fhaigheann duine leabhar ar iasacht ar feadh trí seachtaine – chun leibhéil radóin ina dtithe a sheiceáil agus céimeanna eolacha a ghlacadh lena gcuid sláinte a chosaint.

Is gás radaighníomhach nádúrtha é radón a thagann chun cinn taobh istigh agus ní taobh amuigh. Is é an dara cúis is mó atá le hailse scamhóg in Éirinn (tá caitheamh tobac ar an phríomhchúis) agus meastar go mbíonn thart ar 350 cás d’ailse scamhóg mar thoradh ar radón gach bliain, ar bhonn náisiúnta. Is é tástáil an t-aon bhealach le fáil amach má tá ardú ar leibhéil radóin i dteach ar bith.

Is féidir le baill de chuid leabharlann Dhún na nGall monatóir a thabhairt abhaile ar feadh tréimhse trí seachtaine, agus léargas úsáideach a fháil ar leibhéil radóin. Cé nach dtagann sé seo in áit na tástála radóin trí mhí atá molta ag an EPA, is céim chun tosaigh í atá inrochtana agus praiticiúil do theaghlaigh.

Chuir Maureen Kerr, Leabharlannaí Contae le Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh sheoladh an tionscnaimh i nDún na nGall, dúirt sí:

“Tá Leabharlanna Dhún na nGall ag leanúint de bheith ag leathnú ról ár mbrainsí mar mhoil phobail iontaofa. Trí Éire Shláintiúil i do Leabharlann, táimid tiomanta do thacú le sláinte agus folláine ár bpobal ar bhealaí praiticiúla agus fiúntacha. Leis na monatóirí radóin curtha ar fáil ar iasacht, tá sé ar chumas daoine céim shimplí ach thábhachtach a ghlacadh chun a dteach agus sláinte a dteaghlaigh a chosaint.”

Má aimsítear leibhéil arda radóin de réir an monatóir a fuarthas ar iasacht ón leabharlann, moltar do theaghlaigh tástáil radóin deimhnithe trí mhí a ordú ón EPA trí www.radon.ie.

Tá monatóirí radóin le fáil ar iasacht gan aon chostas ó na 13 brainse leabharlainne i nDún na nGall. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce, agus tá an tástáil simplí. Tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie  inniu chun uaireanta oscailte a sheiceáil agus monatóir a chur in áirithe ó do bhrainse áitiúil.

Is clár náisiúnta é Éire Shláintiúil i do Leabharlann a sheachadtar trí gach seirbhís leabharlainne poiblí agus a thacaíonn le daoine aonair agus pobail rochtain a fháil ar fhaisnéis sláinte iontaofa, freastal ar imeachtaí folláine, agus acmhainní sláinte faoi chúram a fháil ar iasacht.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)