FÓGRA POIBLÍ
RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL CHUN ‘UISCÍ SNÁMHA’ A AITHINT DE BHUN AN TREOIR UM UISCÍ SNÁMHA 2006/7 CE DEN 15 FEABHRA 2006 AGUS NA RIALACHÁIN MAIDIR LE CÁILÍOCHT UISCE SNÁMHA IR 79 DE 2008
Tá gach ceann de na 31 comhairle cathrach agus contae ag tabhairt cuireadh don phobal páirt a ghlacadh in aithint Uiscí Snámha faoin Treoir um Uiscí Snámha agus na Rialacháin maidir le Cáilíocht Uisce Snámha 2008 (IR Uimh 79 de 2008).
Éilítear faoin Treoir go mbainfidh cáilíocht an uisce amach caighdeáin dhiana mhicribhitheolaíochta ag gach uisce snámha aitheanta d’fhonn sláinte na ndaoine a roghnaíonn snámh iontu a chosaint. Leagtar síos sna Rialacháin 2008 go bhfuil sé de dhualgas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall uiscí snámha a aithint gach bliain.
Tugann an próiseas comhairliúcháin deis don phobal:
- Tuairim a thabhairt maidir leis na huiscí snámha atá aitheanta faoi láthair féachaint le leanúint leis an rangú.
- Tuairim a thabhairt maidir le huiscí snámha eile nach bhfuil aitheanta faoi láthair a bhféadfaí breithniú a dhéanamh orthu le haghaidh rangaithe.
Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt.
Déan teagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall le heolas a fháil faoin chritéar a úsáidtear.
Ní mór iarratais a chur isteach chuig Comhairle Contae Dhún na nGall faoin 26 Meán Fómhair 2025.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le beaches@donegalcoco.ie.