THRIVE – Scéim Athbheochana Oidhreacht Lár an Bhaile ar dTús

Tá THRIVE á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach faoin Chlár Réigiúnach Tuaisceartach agus Iartharach 2021-27
TIONSCADAL ATHNUACHANA THEACH NA CÚIRTE LEITIR CEANAINN
Meán Fómhair 2025: Fógra faoi THRIVE Sraith 2: €7 Milliún de chómhaoiniú faighte ó Rialtas na hÉireann agus ón Aontas Eorpach do Thionscadal Athnuachana Theach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Tar éis fógra a rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an tUasal James Browne, ar an 17 Meán Fómhair 2025, ceadaíodh suas le €7 milliún do Chomhairle Contae Dhún na nGall tar éis gur éirigh le hiarratas a rinneadh faoi Shraith 2 de Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár Bailte ar dTús (THRIVE) chun Seanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn a athfhorbairt.
Tá THRIVE mar chuid de Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair atá á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
Tar éis dámhachtain a bronnadh de bharr gur éirigh go maith THRIVE Sraith 1 i mí an Mhárta 2024, ceadaíodh €199,969 do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun pleananna a chur chun cinn agus chun tacú le hiarratas maoinithe ar Shraith 2 ina dhiaidh sin. Mar thoradh ar dhámhachtain Shraith 1, cheap Comhairle Contae Dhún na nGall foireann dearaidh ildisciplíneach dírithe ar oidhreacht/ailtireacht (Ailtirí Robin Lee) chun athúsáid ath-oiriúnaitheach shamhlaíoch de sheanteach na cúirte a phleanáil agus a fhorbairt, chun tionscadal infheistíochta caipitil a bheadh réidh le húsáid a fhorbairt.
Tar éis sraith d’imeachtaí rathúla rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara lena n-áirítear comhairliúchán poiblí taobh istigh de Sheanteach na Cúirte, agus ceardlanna comhoibríocha le páirtithe leasmhara ar nós OTA agus CDP Leitir Ceanainn, bhuail an Chomhairle le go leor daoine aonair agus grúpaí pobail chun sraith de roghanna dearaidh agus úsáidí deiridh féideartha don fhoirgneamh a phlé. Rinneadh an méid seo a mhúnlú ar fhoilsiú agus ar cheadú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar thogra pleanála Cuid 8 i mí na Bealtaine 2025.
Tá sé mar aidhm ag cur i bhfeidhm Chuid 8 den tionscadal seo, arna éascú ag THRIVE Sraith 1 agus arna mhaoiniú trí Dhámhachtain THRIVE Sraith 2 arbh fhiú €7 milliún í:
1. An foirgneamh oidhreachta seo atá folamh agus faoi chosaint a choinneáil, a aisfheistiú, a chur in oiriúint agus a leathnú trí chur chuige bunaithe ar an oidhreacht.
2. An foirgneamh a athrú chun spás solúbtha a sholáthar a mbeadh acmhainn ilfheidhmeach aige lena n-áirítear:
-
- Ionad tumtha agus idirghníomhach do chuairteoirí agus Ionad Eolais comhtháite do Thurasóirí (athlonnaithe).
- Spás solúbtha do léirmhínithe, do thaispeántais, do chomhdhálacha, do shiamsaíocht, d’oideachas agus d’fhoghlaim.
- Spás ilchuspóireach le haghaidh úsáidí sibhialta, cultúrtha agus pobail.
- Caifé agus spás miondíola coimhdeach (lena n-áirítear siopa bronntanas)
- Spás oifige coimhdeach, stóráil, áis phoiblí (le háiteanna chun athraithe).
3. Oibreacha feabhsúcháin a bhaineann leis an réimse poiblí agus oibreacha coimhdeacha lena n-áirítear nasc le fóntais agus seirbhísí, soilsiú poiblí nua, córas díon glas, comharthaíocht agus ealaín phoiblí.

Díríonn an Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár Bailte ar dTús ar bhailte agus ar lárionaid fáis sa réigiún atá ag iarraidh foirgnimh oidhreachta atá folamh nó tréigthe i lár bailte ach atá faoi úinéireacht phoiblí a athrú ó bhonn trí athchóiriú agus athnuachan a dhéanamh orthu agus athúsáid oiriúnaitheach a bhaint astu. I nDún na nGall, is é Leitir Ceanainn an t-aon bhaile a cháilíonn don mhaoiniú seo. Tá seanteach na cúirte i Leitir Ceanainn, ina fhoirgneamh folamh stairiúil faoi úinéireacht phoiblí agus incháilithe le cur isteach ar an scéim.
Tá ‘Tionscadal Athnuachana Theach na Cúirte’ ar cheann de 15 tionscadal athnuachana atá luaite leis an Straitéis Athnuachana Uirbeach Chomhtháite do Leitir Ceanainn, ar a dtugtar ‘Straitéis Athnuachana Leitir Ceanainn 2040’ (LC 2040). Le 18 mí anuas, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhoibriú le pobail Leitir Ceanainn le rannpháirtíocht a neartú agus a leathnú le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara, rud a thug eolas agus a chomhdhear Straitéis chomhoibríoch Leitir Ceanainn 2040 sa bhliain 2022. Aithníonn an Straitéis go mbainfí úsáid turasóireachta as an fhoirgneamh le freastal ar riachtanais turasóirí agus an phobail áitiúil, le téamaí ar nós an cultúr, an áit, an timpeallacht, an aeráid agus an fhoghlaim. Mar thoradh ar rannpháirtíocht ó shaoránaigh go dtí seo, rinneadh fiosrú faoin fhéidearthacht atá ann úsáid choimhdeach a bhaint as an fhoirgneamh nó spásanna dé-úsáide a chur ar fáil d’imeachtaí pobail nó cultúrtha. Le cur i bhfeidhm an tionscadal THRIVE seo, chuimsigh Comhairle Contae Dhún na nGall luachanna agus prionsabail oibre Bauhaus Eorpach Nua, togra de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé d’aidhm aige a chinntiú go bhfuil straitéisí agus tionscadail inbhuanaithe, go bhfuil cuma mhaith orthu, agus go bhfuil siad ionchuimsitheach agus inrochtana.
Mar thoradh ar an mhaoiniú de €7milliún a tugadh faoi Shraith 2 i mí Mheán Fómhair 2025, déanfaidh an Chomhairle an tionscadal a fhorbairt anois, trí Fhoireann Deartha Chomhtháite a cheapadh chun an tionscadal a thabhairt ó chéim an deartha go tógáil go cur i gcrích. Tógfaidh an próiseas seo ar an rannpháirtíocht agus comhoibriú a bhí ar bun le saoránaigh, le pobail agus le páirtithe leasmhara chun a chinntiú go mbeidh forbairt inmharthana agus inrochtana déanta ar an fhoirgneamh folamh stairiúil seo atá faoi úinéireacht phoiblí agus atá mar chuid le lonnaíocht straitéiseach Dhún na nGall.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Straitéis agus Mórphlean Athnuachana Leitir Ceanainn 2040, tabhair cuairt, le do thoil, ar: https://www.letterkenny2040.ie/
Le tuilleadh eolais a fháil ar THRIVE i Réigiún an Iarthuaiscirt, tabhairt cuairt, le do thoil, ar: https://www.nwra.ie/thrive/
Le tuilleadh eolais a fháil ar Thionscadal Athnuachana Theach na Cúirte, déan teagmháil, le do thoil, le: regeneration@donegalcoco.ie
Féach Preasráiteas ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair: https://www.nwra.ie/massive-tourism-boost-as-nwra-announces-e7m-funding-for-letterkenny-courthouse-revival-project/
