Cáin Talún Chriosaithe Cónaithe
Foilsiú Cháin Talún Chriosaithe Cónaithe Léarscáil deiridh don bhliain 2026 agus Foilsiú Dréacht-Cháin Talún Chriosaithe Cónaithe 2027 Léarscáil Bhliantúil.
Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Is é aidhm no cánach talamh folamh a ghníomhachtú chun críocha cónaithe chun soláthar tithíochta nua a mhéadú. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl. Beidh an cháin do 2026 dlite ó mhí Feabhra 2026 agus iníoctha ón 23 Bealtaine 2026.
Tá sé mar aidhm ag an gcáin talamh atá seirbhísithe agus criosaithe a ghníomhachtú le haghaidh úsáid chónaithe nó úsáid mheasctha. Déantar é sin chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus chun talamh uirbeach atá folamh, díomhaoin a athbheochan. Sainaithníodh na suíomhanna sin laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh.
Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC:
1) An talamh a shainaithint agus a mhapáil de réir raon feidhme don cháin. Déanann údaráis áitiúla é sin trí dhréacht-léarscáileanna bliantúla agus léarscáileanna deiridh bliantúla a fhoilsiú — féach thíos.
2) An cháin a riar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é sin.
Talamh a shainaithint atá faoi dhliteanas CTCC in 2027
D’ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2027, lena sainaithnítear an talamh a mheastar a bheith sa raon feidhme don CTCC amhail an 1 Eanáir 2026.
Cliceáil anseo le do thoil chun dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2027.
Iarraidh ar athchriosú a dhéanamh ar léarscáil deiridh don bhliain 2026 (foilsithe ar an 31 Eanáir)
Rinneadh foráil bhreise san Acht Airgeadais 2024 agus arís eile san Acht Airgeadais 2025, a éascaigh babhta eile d’iarrataí ar athchriosú chun talamh a eisiamh ó dhliteanas i leith na cánach. Ní féidir iarrataí ar athchriosú a dhéanamh ach amháin ar thalamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2026, arna foilsiú an 31 Eanáir 2026. Ní dhéanfar breithniú ar iarrataí ar athchriosú do thalamh eile.
Cliceáil anseo le do thoil chun léarscáil deiridh 2026 arna foilsiú ar an 31 Eanáir a fheiceáil.
Please refer to consult.donegal.ie for further information and to make a submission on either the draft map for 2027 or the final map for 2026.