CLÁR 2026
CLÁR 2026
Ag eascairt ón fhógra ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ar an 10 Márta maidir le CLÁR 2026, tá eolas faoi iamh anois maidir le gach ceann de na trí bheart den chlár CLÁR 2026.
Is clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) do cheantair thuaithe a bhfuil sé mar aidhm aige maoiniú a chur ar fáil do thionscadail bhonneagair bheaga i gceantair thuaithe a bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonra iontu.
De réir na mblianta roimhe seo, cuirfear Scéim Mhaoinithe CLÁR 2026 ar fáil faoi thrí Bheart ar leith mar seo a leanas:
Beart 1 Áiseanna agus Saoráidí Pobail a Fhorbairt
Beart 2 Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Céadfhreagróirí Pobail agus Iompar Béilí ar Rothaí.
Beart 3 'Ár nOileáin Bheo'
Is iad na hÚdaráis Áitiúla a riarann Beart 1 i gcomhairle le pobail áitiúla.
Tá rochtain ar Imlíne Scéim CLÁR 2026 ar fáil anseo:
CLÁR 2026 – Beart 1: Imlíne na Scéime Áiseanna agus Saoráidí Pobail a Fhorbairt
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL:
Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a riarann Beart 2 agus Beart 3 go díreach. Tá sonraí faoi Imlíne na Scéime agus Foirmeacha Iarratais maidir le Beart 2 agus Beart 3 ar fáil ar leathanach CLÁR ar shuíomh gréasáin na Roinne: anseo
Is é seoladh riomhphoist na clar2026@donegalcoco.ie
Is é an nasc ábhartha:- https://submit.link/4IN
2026 CLAR Measure 1 Scheme Outline
CLÁR 2026 Electoral Divisions County Donegal