Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta. Féach an nasc seo a leanas chuig an phreaseisiúint ag fógairt Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 ag an leibhéal náisiúnta, ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus ón Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, https://www.gov.ie/ga/an-roinn-forbartha-tuaithe-agus-pobail-agus-gaeltachta/preaseisiuinti/ministers-calleary-and-buttimer-announce-new-7-million-local-enhancement-programme-2026/
Is ciste náisiúnta €7m é Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 do thacaíochtaí caipitil atá riachtanach do na grúpaí agus na heagraíochtaí beaga pobail. Tá an ciste dírithe go háirithe orthu siúd a fhreastalaíonn ar phobail faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe agus uirbeacha.
Tá an scéim deartha lena chinntiú go n-aithnítear agus go bhfreastalaítear ar thosaíochtaí áitiúla, le cur le háiseanna pobail agus iad a fheabhsú ar mahithe le gach duine.
Tacóidh Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste:
· díriú ar oibreacha caipitil/deisiúcháin/feabhsúcháin bheaga, agus ar cheannach trealaimh le haghaidh úsáid pobail amhail rochtain fheabhsaithe do dhaoine faoi mhíchumas; rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí imeallaithe agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh áiseanna pobail chun costais leanúnacha a laghdú.
Beidh an maoiniú ar fad ar fáil do réimse leathan grúpaí pobail, lena n-áirítear ionaid phobail, hallaí paróiste agus grúpaí deonacha áitiúla ach gan a bheith teoranta dóibh.
Déanfaidh CFPÁ Dhún na nGall an Clár a reáchtáil thar ceann na Roinne agus tá €303,465.26 ar fáil le bronnadh faoin Scéim.
Rialacha
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 oscailte le haghaidh iarratas faoi dhá chatagóir mar seo a leanas:
· Deontas Caipitil Beag (€500- €1,000)
Deontas le trealamh a cheannach, oibreacha athfheistithe nó uasghrádaithe le haghaidh caiteachais le linn na tréimhse 5 Nollaig 2025 – 30 Meán Fómhair 2026
· Deontas Caipitil Mór (€5,000-€10,000)
Deontas le trealamh a cheannach nó deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar shaoráidí Comhphobail le haghaidh caiteachais le linn na tréimhse 5 Nollaig 2025 – 30 Deireadh Fómhair 2026.
Ní mór do ghrúpaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad lonnaithe, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall na foirmeacha iarratais a chuirtear ar fáil ag na naisc thíos a úsáid.
Dheontas Caipitil Beag - https://submit.link/4ne
Dheontas Caipitil Mór - https://submit.link/4xd
Ní theastaíonn maoiniú meaitseála ó fhoinsí eile le deontas a fháil.
Féach Treoirlínte Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 le haghaidh tuilleadh sonraí.
Ní mór do ghrúpaí iarrthóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil nuair a chuirfidh siad a n-iarratas ar mhaoiniú isteach:
· Clárú Cánach (Uimhir Stádais Carthanachta, Uimhir Thagartha Cánach nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach)
· Sonraí Cuntais Bainc nó Comhair Creidmheasa (cóip de Ráiteas a eisíodh le déanaí)
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcaithfidh Ainm an Ghrúpa agus an tAinm ar Ráiteas an Chuntais Bainc a bheith mar an gcéanna.
Má tá do ghrúpa nua nó má tá aon cheisteanna agat maidir le Clárú Cánach nó stádas Cuntas Bainc/Comhair Creidmheasa a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar tharraingt anuas an deontais má éiríonn le d'iarratas, déan teagmháil lep@donegalcoco.ie le do cheist sula gcuirfidh tú d'iarratas isteach.
Ceanglaítear ar iarratasóirí atá ag cur isteach ar an deontas mhór na príomhréimsí tosaíochta sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP) lena mbaineann a n-iarratas a lua agus an dóigh a bhfuil a ngrúpa nó a dtionscadal ag teacht le Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2024-2029 agus leis an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2023-2030
Tá achoimre ar LECP 2023-2029 Draft Narrative agus naisc chuig na Pleananna le fáil i rannán na nDoiciméad den leathanach gréasáin.
Rátaí
Tairgfidh an Clár dhá leibhéal cúnaimh deontais:
· Deontais Bheaga ó €500 suas go dtí uasmhéid de €1,000 in aghaidh an tionscadail
· Deontais Mhóra ó €5,000 suas go dtí uasmhéid de €10,000 in aghaidh an tionscadail
Déan iarratas anseo
Ní mór iarratais a chomhlánú ar líne ag
Dheontas Caipitil Beag - https://submit.link/4ne
Dheontas Caipitil Mór - https://submit.link/4xd
Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 Foirm Iarratais ar Dheontas Caipitil Beag
Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 Foirm Iarratais ar Dheontas Caipitil Mór
Má bhíonn aon deacracht agat d'iarratas a chur isteach ar líne, déan teagmháil le lep@donegalcoco.ie áit a dtabharfar cúnamh duit
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 3.30 pm Déardaoin, 26 Feabhra 2026.
Ní mheasfar iarratais a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama sin.
Caipéisí Tacaíochta:
Treoirlínte Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026
LECP 2023-2029 Draft Narrative – mar eolas amháin
Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Chontae Dhún na nGall 2024-2029
An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2023-2030