Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Comhairliúchán Poiblí

Tabhair do thuairim

 

Tá sé tábhachtach dúinn bheith i gcomhairle leis an phobal. Caithfidh muid a bheith ar an eolas faoi na ceisteanna atá ag cur isteach ar ár bpobail áitiúla agus faoi na riachtanais atá ag daoine aonaracha agus ag pobail a bhfuil cónaí orthu inár gceantracha áitiúla. Cuidíonn seo linn cinnithe níos fearr a dhéanamh i dtaca leis na pleananna agus na beartais atá againn, agus i dtaca leis na seirbhísí agus na tacaíochtaí a chuirimid ar fáil.

 

 

Comhairliúcháin Phoiblí atá ar siúl i láthair na huaire

 

 

 

Togra Spóirt Eachtraíochta i gCeantar Uirbeach

Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall Togra Spóirt le haghaidh Eachtraíochtaí Uirbeacha a fhorbairt taobh istigh de limistéar Pháirc Bhaile Bhearnaird Mhig Loingsigh.

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020. Léigh tuilleadh...

 

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall clós súgartha, áit foscaidh chun suí, cithfholcadáin lasmuigh agus láthair le haghaidh lucht trádála a fhorbairt i mbaile fearainn Ros Neamhlach Íochtair i gCeantar Bardais Dhún na nGall.

 

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020.  Léigh tuilleadh...

 

Togra Athnuachana Ailt an Chorráin/Árainn Mhór – Céim 2: Foirgnimh

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020. Léigh tuilleadh...

 

 

Tuairisc Rogha Roghnaithe maidir le Bealach Tosaíochta chun Feabhais TEN-T Dhún na nGall

 

Beidh an Tuairisc um Rogha Roghnaithe (TTR) ar taispeáint go poiblí ón Luan 13 Eanáir 2020 chomh maith le sonraí maidir forbairt Céim 2 (Rogha Roghnaithe) den tionscadal. Deimhníonn an Tuairisc an Chonair Roghnaithe is Fearr do gach cuid de.

 

Beidh an Chonair Roghnaithe is Fearr agus an TTR ar taispeáint i dTeach an Chontae, Leifear, in achan Ionad Seirbhísí Poiblí ar fud an chontae agus i Leabharlann an Dá Bhaile, Srath an Urláir le linn gnáthuaireanta oibre. Beidh sé ar fáil fosta le scrúdú nó le híoslódáil saor in aisce ar shuíomh idirlín TEN-T Dhún na nGall. Tuilleadh tuilleadh....

 

Comhairliúcháin Phoiblí

                    

 

  • Plean Bainistiú Cuairteoirí do Chionn Mhálanna

 

  • Clós Súgartha Ros Neamhlach

 

  • Togra Spóirt Eachtraíochta i gCeantar Uirbeach

 

Comhairliúchán Poiblí

 

Dréacht-Straitéis Athnuachana do Bhealach Féich agus Srath an Urláir

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le BASICC, comhairliúchán poiblí a oscailt chun éisteacht le tuairimí an phobail ar Dhréacht-Straitéis Athnuachana Bhealach Féich – Shrath an Urláir. Is é atá sa Dréacht-Straitéis Athnuachana ná fís spreagúil ardaidhmeannach chun príomhthosaíochtaí agus príomhghníomhaíochtaí a aithint chun láir na mbailte i mBealach Féich agus Srath an Urláir a athnuachan suas go dtí 2040 agus níos faide. Is tionscadal é le todhchaí láir na mbailte a shamhlú agus tá deis ag an phobal a dtuairimí féin a thabhairt.

Féach anseo fá choinne tuilleadh eolais. 

Comhairliúchán Poiblí sa tSeirbhís Bóithre

Tabhair do thuairimí agus do mholtaí faoi na tograí seo a leanas:

 


 Scéim Feabhsúcháin ag Acomhal Halls ar an R263 agus L-1195

 

Spriocdháta: 30 Meán Fómhair 2020

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall bóithre an R263 & L-1195 idir Bailte Chill Charthaigh agus na Carraige a leathnú agus a fheabhsú ó thaobh ailíniú de. Déanfar tosaíocht an acomhail idir an R2653 agus L-1195 a athrú fosta bunaithe ar bhailíochtú cuntas tráchta. Tosófar feabhsúcháin phríomhlíne thart fá 300m ó dheas d’acomhal an L-1195 leis an R263 ar feadh an L-1195. Tosófar feabhsúcháin taobh-bhóthair ar an R263 thart fá 120 ó dheas den acomhal R263 atá ann cheana féin leis an L-1195, ar feadh an R263 i dtreo shráidbhaile na Carraige.

 

Déanfar an togra de réir na líníochtaí a ghabhann leis an iarratas seo, agus an méid seo ina measc:

 

  • Athrú ar thosaíocht an acomhail idir an R263 agus an L1195.
  • Tá sé beartaithe struchtúr úr droichid a thógáil. Beidh an struchtúr seo faoi réir ag togra ar leith eile Cuid 8. Is struchtúr faoi chosaint é Droichead na gCaislíní agus dá bhrí sin ní féidir é a leathnú ná a athrú.
  • Déanfar oibreacha dromchla fosta san áit a bhfuil gach críochphointe ar an scéim á cheangal isteach.  
  • Soláthrófar córais fheabhsaithe i dtaca le draenáil uisce dromhchla trí shilteáin a chur isteach; cuirfear isteach draenacha iompair nó draenacha scagtha nuair is cuí.
  • Soláthrófar línte úra bóthair ar feadh fad na scéime agus déanfar roinnt athruithe ar chomharthaí tráchta ar feadh fad na scéime de réir Lámhleabhar Comharthaí Tráchta na Roinne Iompair.

 

 

 

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí maidir leis an fhorbairt bheartaithe, ag plé le pleanáil agus forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite, a chur isteach i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4pm Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 2020.

 

Tuilleadh