Bíodh do ghuth agat maidir leis na leasuithe atá beartaithe don phróiseas cláraithe vótála
Tá moltaí foilsithe ag an Rialtas chun é a dhéanamh níos fusa agus níos éasca do dhaoine clárú chun vótáil nó a gcuid sonraí cláraithe a athrú, agus ba mhaith linn do thuairimí a fháil.
Cá háit ar féidir liom na moltaí a léamh?
Is féidir leat na moltaí a léamh ag www.registerreform.gov.ie
Cad é mar is féidir liom mo bharúil a thabhairt?
Trí ríomhphost (agus aon cheangaltán le bheith i bhformáid Microsoft Word le do thoil): [email protected]
Trí phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Clárú Vótála / Electoral Registration Project Consultation
An Roinn Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Cén uair a chaithfidh mé an aighneacht a chur isteach?
Caithfidh tú d’aighneacht a chur isteach faoin Aoine 15 Márta 2019.
Cad é mar is féidir liom cóip chrua de na moltaí a fháil?
Is féidir leat cóip chrua de na moltaí a fháil trí sin a iarraidh trí ríomhphost nó chuig na seoltaí poist thuas.
Ar mhaithe le trédhearcacht, cuirfear gach aighneacht (ainmneacha san áireamh) ar shuíomh idirlín na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Tagann gach aighneacht faoi théarmaí saoráil faisnéise fosta.
Tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é seo, faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiuil.