Síntiúis Pholaitiúla – Fógra le haghaidh Tríú Páirtithe
Is gá do dhaoine aonaracha, páirtithe/grúpaí etc, seachas páirtí polaitiúil cláraithe, atá gníomhach i gcúrsaí polaitiúla nó in aon fheachtasaíocht eile maidir le polasaí nó feidhmeanna ag aon údarás áitiúil nó aon chomhlacht poiblí eile, ina ndílsítear feidhmeanna i dtaca le rialtas áitiúil, is gá dóibh cloí le riachtanais ar leith faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999, arna leasú. Tugtar ‘tríú páirtithe’ ar na daoine seo sa reachtaíocht.
Aon duine aonair nó aon eagraíocht a shíleann gur féidir go mbaineann na forálacha tríú páirtí leosan, ba chóir dóibh dul i dteagmháil le:
Anne Marie Crawford,
Seirbhísí Corparáide
Guthán 074 91 72208;
Rphost:[email protected]
Is gá deimhniúcháin, dearbhúcháin reachtúla agus ráitis tríú páirtí a chur chuig Comhairle Contae Dhún na nGall faoin 21 Márta 2022, ar a dhéanaí.
Féach na Treoirlínte do Thríú Páirtithe maidir le Síntiúis chun Críocha Polaitiúla
(Doiciméad i mBéarla) Guidelines for Third Parties Concerning Donations for Political Purposes