Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > 300 na gCloigne Rua

Slán agus Beannacht le lucht na Gruaige Rua

Redhead300 269 x 273

 

Beidh an Cathaoirleach, an Clr. Gerry McMonagle agus an Leas-Chathaoirleach, An Clr Noel Jordan gnoitheach an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a bheas siad ag croitheadh slán le Fergal Barr agus a mheitheal rua agus iad ag toiseacht amach ar shiúlóid 300 míle, thar 14 lá, go Bun an Tábhairne i gContae Chorcaí chun tacú le Cumann Ailse Éireann.

 

 Buailfidh an Clr. McMonagle leis an ghrúpa ag Óstán Kees i Srath an Urláir ar 10am maidin Dé Domhnaigh agus beidh an Clr. Noel Jordan i mBaile Dhún na nGall agus i mBun Dobhráin maidin Dé Luain agus Dé Máirt le gach dea-ghuí a ghabháil leo agus iad ar a mbealach. Tá an dá Chomhairleoir seo ag iarraidh ar éinne a bheas thart ag na hamanna seo bualadh isteach agus tacaíocht a thabhairt don chúis fhiúntach seo. 

Is é atá in 'Cloigeann Rua 300' ná siúlóid tiomsaithe airgid ar son Chumann Ailse Éireann agus fágfaidh sé Halla na Cathrach i nDoire Dé Sathairn 5 Lúnasa 2017 ar 10am agus críochnóidh sé breis agus 300 míle níos moille, Dé hAoine 18 Lúnasa 2017, sa tsráidbhaile gleoite ar a dtugtar Bun an Tábhairne, Contae Chorcaí, áit a mbíonn an t-aon Chomhdháil Cloigne Rua amháin atá ann, agus sin an fáth a dtugtar Cloigne Rua 300 ar an imeacht seo.  

Deir an t-eagraí Fergal Barr go bhfuil sé de chuspóir acu €5,000, ar a laghad, a thiomsú do Chumann Ailse Éireann chun tacú le hiarrachtaí leanúnacha an www.redheadconvention.com a bhfuil breis agus €30,000 tógtha acu don charthanas ó thosaigh an fhéile sa bhliain 2010.

Dúirt an Cathaoirleach, an Clr. Gerry McMonage go bhfuil lúcháir air tacú leis an chúis fhiúntach seo, togra a chuireann greann agus spraoi i gcúis fhíorthábhachtach.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoi Na Cloigne Rua 300 is féidir iad a aimsiú ar Facebook nó Twitter. Is féidir fosta tacaíocht airgid a thabhairt ag www.justgiving.com/fundraising/redhead300 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO