Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > 5 Choiste ón Chontae ag na Gradaim Bró Ceantair

5 Choiste ón Chontae ag na Gradaim Uile-Éireann um Bród Ceantair

Cúig Choiste ag déanamh ionadaíochta ar son Dhún na nGall ag na Gradaim Uile-Éireann um Bród Ceantair

Beidh cúig choiste as Dún na nGall páirteach i mbliana sna Gradaim Uile-Éireann um Bród Ceantair a bheas ar siúl in Inis, Contae an Chláir oíche Dé Sathairn.

 

Is iad na cúig choiste ná Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Áislann Rann na Feirste, Gaeltacht Beo Fhánada, Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh agus Coiste Pobail Ghort an Choirce.  Beidh ionadaíocht i láthair ó gach grúpa ag an mhórshearmanas gradaim oíche amárach. 

 

Tugann An Comórtas Uile-Éireann um Bród Ceantair de chuid IPB, atá á reáchtáil ag Comhoibriú Éireann, tugann sé aitheantas don obair fhíorthábhachtach a dhéanann comhpháirtíochtaí pobail don tsochaí, agus déanann sé sin a cheiliúradh.  Tá béim sa togra ar dhaoine a theacht le chéile lena gceantar áitiúil féin a athrú agus a threorú chun maitheasa, agus le go mbeifí in ann sult a bhaint as. 

 

Anuraidh, sciob Comhairle Contae Dhún na nGall leo an chéad áit d'Údaráis Áitiúla, ag tabhairt aitheantais don obair a rinne baill foirne na Comhairle agus baill tofa na Comhairle chun tacú le forbairt pobail sa chontae agus é a neartú.

Pride of Place 2013

Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an tUas. Séamus Mac Conghaola, agus an Gradam don Údarás Áitiúil is Fearr á bhronnadh air ag na Gradaim um Bród Ceantair anuraidh.

 

Agus é ag caint roimh shearmanas na bliana seo, ghuigh an Príomhfheidhmeannach Séamus Mac Conghaola gach rath ar na coistí éagsúla atá san iomaíocht i gcomórtas na bliana seo.  Ar seisean "Bhí an Chomhairle ag obair go dlúth le pobail i nDún na nGall ar feadh na mblianta agus creidimid go bhfuil an comórtas Bród Ceantair ina thogra maith le haitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ar fud an chontae, agus leis an obair sin a chur ar taispeáint.  Tá lúcháir orm go bhfuil cúig ghrúpa istigh i gcomórtas Uile-Éireann na bliana seo, agus bheadh an phríomhdhuais tuillte go maith ag aon cheann de na grúpaí seo.  Tá obair den chéad scoth déanta acu, agus tionchar iontach acu, i measc a bpobal féin.'

 

Thacaigh an Cathaoirleach an Clr. John Campbell leis an mhéid a bhí le rá ag an Phríomh-Fheidhmeannach agus ghuigh sé féin gach rath ar na grúpaí ar fad. 'Aithnímid an obair iontach atá déanta ag na pobail agus ag na hoibrithe deonacha ar fáil ar son Dhún na nGall.  Tá éachtaí bainte amach ag gach ceann de na coistí seo i measc an phobail.  Is eiseamláir iad den mhéid a thig le daoine a dhéanamh agus a bhaint amach ach iad teacht le chéile agus cuspóir aontaithe a bheith acu.  Tá gach togra speisialta ar a dhóigh féin, agus tá siad i ndiaidh dul i ngleic le riachtanas éigin ina bpobal féin.  Guím gach rath ar gach coiste i gcomórtas na hoíche amárach".

 

Craolfar an searmanas gradaim beo oíche Dé Sathairn ó http://www.prideofplace.ie/live-stream/

 

CRÍOCH

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO