Scaifte mór i láthair i Leitir Ceanainn maidin Dé Máirt chun tacú leis an Ath. Tony Coote agus é ag toiseacht amach ar a shiúlóid fhada go Béal an Dá Chab i gCorcaí le hairgead a thógáil, agus feasacht a ardú, i dtaca leis an Ghalar Néaróin Luadraigh in Éirinn. I measc a lucht tacaíochta bhí a mháthair Pat Coote agus a dheartháir Ciarán Coote, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Ian Mac Gairbheith, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, Rós Dhún na nGall Niamh Duggan agus Mícheál Ó Murchú, Captaen Dhún na nGall. Grianghraf le Clive Wasson.
Fágadh slán gnaíúil leis an Ath. Tony Coote maidin Dé Máirt, ó Leitir Ceanainn, agus é ag déanamh a bhealaigh ó dheas go Béal an Dá Chab i gCorcaigh d’fhonn aird a tharraingt ar na daoine sin atá ag fulaingt ón Ghalar Néaróin Luadraigh in Éirinn.
I ndiaidh dó féin diagnóis a fháil ar na mallaibh a thug le fios go raibh an galar air féin, tá an sagart misniúil ag tabhairt faoin dúshlán chun an t-achar 550km idir an dá bhaile mhór a shiúl, faoin bhratach ‘Siúil Nuair is Féidir Leat’ agus an haischlib #SiúilLeTony. Tá sé ag iarraidh ar shiúlóirí agus ar lucht na dea-chroí in achan chontae ar an bhealach tacú leis chun €250,000 a thógáil chun cuidiú le híoc as cúram agus taighde a dhéanamh le dul i ngleic leis an ghalar, nach bhfuil aon leigheas air.
Bhí An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i láthair le gach dea-ghuí a ghabháil leis an Ath. Tony Coote le linn an dúshláin seo, agus dúirt sé gur duine spreagúil amach is amach é an sagart.
“Ní féidir leat gan a bheith spreagtha ag an Ath. Tony Coote. I ndiaidh don Ath. Coote diagnóis thubaisteach a fháil, tá de chrógacht agus de thiomantas aige rud éigin dearfach a dhéanamh chun cuidiú le daoine eile agus le hairgead riachtanach a thógáil dóibh siúd atá ag fulaingt ón Ghalar Néaróin Luadraigh. Is duine fíorspreagúil é.”
I láthair leis an Clr. Ó Domhnaill bhí Méara Leitir Ceanainn an Clr. Ian Mac Gairbheith, Rós Dhún na nGall Niamh Duggan agus Captaen Fhoireann Shinsearach Peile Dhún na nGall Mícheál Ó Murchú, chomh maith le máthair an Ath. Tony Pat, agus a dheartháir Ciarán, chomh maith le go leor daoine eile a bhí ag tacú leis.
“Ba mhaith liom iarraidh ar an oiread daoine agus is féidir a theacht amach agus tacaíocht a thabhairt don Ath. Tony agus dá fhoireann ar an turas chrua seo.”
Déanfaidh an tAth. Tony a bhealach fríd Dhún na nGall, ag fágáil McElhinney's i mBealach Féich ar 9.30am maidin Dé Céadaoin, Eaglais Naomh Pádraig i mBaile Dhún na nGall maidin Déardaoin, agus Eaglais Our Lady Star of the Sea i mBun Dobhráin maidin Dé Sathairn.
Fá choinne tuilleadh eolais ar an Ath. Tony Coote, ar a scéal agus ar an togra seo, gabh chuig www.wwyc.ie.