Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Airdeall i ndiaidh Orphelia

Stoirm Ophelia - Is gá a bheith san airdeall go fóill

 

Agus iarmhairtí Stoirm Ophelia ag leanúint leo maidin Dé Máirt, chomhairleodh Comhairle Contae Dhún na nGall gur chóir a bheith san airdeall go fóill de bharr go bhféadfadh tuilte a bheith ann i gceantracha cósta, go háirithe i ndeisceart agus in iardheisceart an Chontae. Táthar ag tuar taoidí arda thart fá 5am agus iad ag dréim le farraigí atá níos airde ná mar is gnách.

 

Mholfadh Comhairle Contae Dhún na nGall don phobal a bheith an-chúramach go fóill agus iad ag taisteal ar na bóithre i ndiaidh Stoirm Ophelia. Ba chóir do thiománaithe a bheith airdeallach faoi smionagar atá séidte amach ar an bhóthar, agus an-chúramach go háirithe i dtaca le crainn agus/nó sreanganna leictreachais atá tite. Ba chóir dochar do shreanga leictreachais a thuairisciú do Ghréasáin an BSL ar 1850 372 999.

 

Tá an Chomhairle ar fáil i gcás éigeandála go fóill.  Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an chomahrile ar an uimhir ‘Lasmuigh d’Uaireanta Oibre’ 074 9172288 go dtí 9am Dé Máirt 17 Deireadh Fómhair, agus le Lár-Ionad Custaiméara na Comhairle ar 074 9153900 uaidh sin ar aghaidh.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO