Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An bhfuil an táille tí íoctha agat?

Ar íoc tú as an táille le haghaidh Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (ÁCPN)?

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach úinéir maoine nach bhfuil an ÁCPN íoctha acu go fóill, é sin a chlárú agus a íoc roimh an 1 Meán Fómhair 2014.

 

Bhí an táille ÁCPN le híoc do na trí bliana idir 2009-2013 ar mhaoin chónaitheach nach raibh ina Áit Chónaithe Phríomha Phríobháideach i gContae Dhún na nGall.

 

Go dtí seo, tá thart fá 16,000 úinéir maoine i ndiaidh clárú agus íoc as an táille.

 

Seo mar a labhair Garry Martin, Stiúrthóir Airgeadais le Comhairle Contae Dhún na nGall, "is é an méid atá le híoc anois do na blianta 2009 - 2013,  as an phríomh-tháille agus as táillí pionóis de bharr a bheith mall, ná €4,220.  Ón 2 Márta 2014, níor cuireadh aon phionós íocaíochta, de bharr a bheith mall, leis an mhéid sin de €4,220 atá gan íoc go fóill, ach mar sin féin, ón 1 Meán Fómhair 2014 méadófar an méid sin de €4,220 go dtí €7,230, agus fágfar ag an mhéid sin é”.

 

Fágfar an méid sin de €7,230 mar tháille ar an mhaoin agus caithfear é a íoc sula ndéanfar an mhaoin a aistriú nó a dhíol.

 

Tá an tUas. Martin ag iarraidh ar gach úinéir maoine nár chláraigh, agus nár íoc, an táille ÁCPN go fóill é sin a dhéanamh roimh an 31 Lúnasa 2014.

 

Agus ar seisean "Tá Comhairle Contae Dhún na nGall go gníomhach i mbun úinéirí maoine, a bhféadfadh bille ÁCPN a bheith le híoc acu, a aithint trí shonraí a úsáid atá curtha ar fáil dúinn ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh muid ag leanúint agus ag fiosrú na dtáillí seo atá gan íoc go fóill".

 

Tá an Chomhairle i ndiaidh imeachtaí dlí a thoiseacht cheana féin i roinnt cásanna ina bhfuil an táille ÁCPN gan íoc go fóill.

 

Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ÁCPN ar www.nppr.ie nó ar an ghuthán ar (074) 9153900.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO