Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh iarratais i leith an Chiste Forbartha 2019. Tá an maoiniú seo ar fáil chun tacú le tionscnaimh éagsúla ag céimeanna difriúla forbartha, i measc na dtionscnamh éagsúil a bhaineann leis an tionscnamh seo a chuirfidh le leas an phobail tá; eagraíochtaí cultúrtha, comhlachtaí eacnamaíochta, grúpaí sóisialta, clubanna cultúrtha agus cumainn oidhreachta chomh maith le fiontair éagsúla eile a rachaidh chun tairbhe do ghrúpaí áitiúla fud fad na tíre. Beidh gach tionscnamh a mbeidh maoiniú ón Chiste Forbartha 2019 faighte aige de bhun rannóg 6 d’Acht na hÚdaráis Áitiúil 1991 agus rannóg 66 agus 67 d’Acht na hÚdráis Áitiúil 2001.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ach iad a íoslódáil ó: http://www.donegal.coco.ie nó seol rphost chuig: [email protected] nó cuir glaoch ar: (074) 9172445.
Ní mór foirmeacha iarratais chomhlánta a sheoladh chuig: [email protected] nó a chur sa phost chuig: An Ciste um Fhorbairt Tionscnamh 2019, Rannóg Forbartha Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, “Station Island”, Leifear, Contae Dhún na nGall.
Is é an dáta deireanach d’iarratais chomhlánaithe ná 4pm, Aoine 8 Márta, 2019. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an ama sin ná an dáta sin.