Tá socrú san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú) go bhféadfadh baill tofa ar údarás áitiúil glacadh le rún foirmeálta chun an bunráta i dtaca leis an Cháin Mhaoine Áitiúil a athrú, dá gceantar riaracháin féin, faoi chéatadán ar a dtugtar an fachtóir oiriúnacháin áitiúil. Ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an cheist seo a phlé, d'fhéadfadh na baill tofa fachtóir oiriúnacháin áitiúil a shocrú laistigh de raon idir + /- 15% ón bhunráta, nó, d'fhéadfaidís cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a athrú.
Beidh cruinniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair 2014 leis an fhachtóir oiriúnacháin áitiúil a shocrú.
Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh aighneachtaí ón phobal ar an cheist seo, ag plé ach go háirithe leis na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar an bhunráta sa Cháin Mhaoine Áitiúil ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Caithfear aighneachtaí a bheith istigh roimh an 19 Lúnasa 2014 agus caithfear iad a chur chuig:
Comhairle Contae Dhún na nGall
Aighneachtaí i dtaca le Cáin Mhaoine Áitiúil
Teach an Chontae
Leifear
Contae Dhún na nGall
Nó