Ar fáil anois le feiceáil ag Ionad Teampaill Chróine, An Clochán Liath
ón 24 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa 2014
9.30am -5.30pm Luan go hAoine (chomh maith leis an tSatharn le linn Iúil/Lúnasa)
Déanann an taispeántas ceiliúradh ar 250 bliain de stair uathúil Dhún na nGall agus ar ábharthacht na staire áitiúla do dhaoine atá beo sa lá atá inniu ann.
Déantar an mórán bailiúchán éagsúil atá ag Cartlann Chontae Dhún na nGall a chur ar taispeáint ann. Tá naoi bpainéal ar taispeáint atá bunaithe ar na téamaí seo a leanas - Áitribh; Páistí Dhún na nGall; Spraoi agus Cluichí; Laethanta Oibre; Creideamh agus Adhradh; Tiarnaí Talún agus Tionóntaí; Coimhlint; Daonlathas Áitiúil; Turais fríd Am.
Tá stair ghairid ar na téarmaí seo le fáil ar na painéil agus gabhann roinnt íomhánna leo a scanadh ó chuid mhór bailiúchán de chuid Chartlann an Chontae. I measc na n-íomhánna tá grianghraif, póstaeir, bileoga, sleachta as litreacha, clárleabharthaí, leabharthaí miontuairiscí agus rudaí eile. San áireamh sa taispeántas tá roinnt grianghraf a tugadh go fial ar iasacht do Chartlann an Chontae ar mhaithe leis an taispeántas.
Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Niamh ar
074 91 72 490 nó [email protected]