Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ardmholadh Léarscáile ESRI

Ardmholadh don Chomhairle as a cuid Scéal-Léarscáileanna

Ardmholadh don Chomhairle as a cuid Scéal-Léarscáileanna 

Tá ardmholadh bainte ag Comhairle Contae Dhún na nGall ó Scéal-Léarscáileanna Esri as a Léarscáil 3D 'Cnoic Dhún na nGall' ag an Chomhdháil Úsáideoirí Idirnáisiúnta in San Diego.

 

Nocht Esri buaiteoirí an Chomórtais Scéalaíochta le Léarscáileanna inné ag an Chomhdháil Úsáideoirí Idirnáisiúnta, agus tarraingíodh aird ar Scéal-Learscáil Chomhairle Contae Dhún na nGall – “Cnoic Dhún na nGall” le Daragh McDonagh a fuair an tríú háit sa rannóg don Taisteal, Ceann Scríbe agus Caitheamh Aimsire is Fearr.

 

Scéal-Léarscáil Cnoic Dhún na nGall bhain ardmholadh ó ESRI.

 

Ó mhullach grianchloichíte cáiliúil na hEargáile, go dtí aillte farraige iontacha Shliabh Liag, tá neart tailte arda i nDún na nGall le taiscéaladh de shiúl na gcos. Tugann léarscáil Daragh duine ar thuras 3D thart ar na príomhshléibhte agus tá radharcanna réamhshocraithe ann ó thaobhanna éagsúla. Chuir sé eolas beo i dtaca le tuar na haimsire ann fosta le go mbeadh an tírdhreach 3D níos idirghníomhaí

 

Spreagann an Scéal-Léarscáil thú le 'do chuid málaí a phacáil agus do chuid buataisí a chur ort i ndiaidh duit cnoic Dhún na nGall, Éire a fheiceáil ó pheirspictíocht iomlán úr 3D' arsa ESRI agus iad ag measúnú an iarratais seo.

 

Chuir lucht inse scéalta ó gach cearn den domhan breis agus 400 iarratas isteach, ag clúdach gach ceann de na teimpléid Scéal-Léarscáile atá ag ESRI. Roghnaigh na moltóirí 18 Scéal-Léarscáil mar bhuaiteoirí trasna cúig rannóg den chomórtas.

 

Cuireadh nithe éagsúla san áireamh nuair a bhí na hiarratais á meas. Cuireadh san áireamh in achan scéal-léarscáil a roghnaíodh an dearadh, eispéireas úsáideora, tionchar, agus cruthaitheacht i gcoitinne ó thaobh scéal suimiúil agus tarraingteach a inse.

 

Gheobhaidh gach buaiteoir plaic agus teastas mar aitheantas dá gcuid scéal-léarscáileanna ardmholta.

 

Tá lúcháir ar Bhrian Ó Baoill, Ceannasaí na gCóras Faisnéise le Comhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuair an Chomhairle an t-aitheantas seo as ucht na huirlise GIS seo, agus go háirithe gur tugadh ardmholadh do Daragh Mc Donagh. Seo mar a labhair sé "Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar thús cadhnaíochta ag iarraidh na féidearthachtaí a bhaineann le GIS mar uirlis a úsáid chun seirbhísí poiblí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a chur ar fáil.  Trí GIS agus Scéal-Léarscáileanna a úsaid chun eolas úsáideach a chur chun cinn agus a chur ar fáil i dtaca le tailte ard agus sléibhte an chontae, is féidir deis a thabhairt do chuairteoirí blaiseadh a fháil ar an eispéireas iontach agus spleodrach atá rompu le linn dóibh a bheith ar cuairt ar Dhún na nGall'.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO