Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Athnuachan Píopaí

Uisce Éireann ag cur isteach píopaí úra i mBaile na nÉan, Co Dhún na nGall

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall chun tús a chur le hathnuachan píopaí uisce i mBaile na nÉan ón 28 Eanáir 2019. Tá sé de sprioc an soláthar uisce a fheabhsú agus an sceitheadh uisce a laghdú le haghaidh an phobail áitiúil agus gnólachtaí áitiúla. 

 

Is é atá i gceist leis na hoibreacha tuairim is 830 méadar de phíopaí lochtacha a bhaint amach agus píopaí úra plaisteacha a chur isteach ina n-áit. Tá na hoibreacha seo á ndéanamh mar chuid den  Chlár Laghdaithe Sceitheadh Uisce atá ag Uisce Éireann.  

 

Beidh an obair ar bun ar feadh an bhóthair idir Bun na hAbhann agus Magh (R239), agus ar aghaidh ó thuaidh ón acomhal leis an L7631. Beidh ceangail úra uisce á gcur isteach fosta mar chuid den obair, ón phríomhsholáthar uisce poiblí ar an bhóthar go dtí sealúchais chustaiméirí, agus sin a cheangal le soláthar uisce na gcustaiméirí. Sa chás gur luaidh atá sa chuid phoiblí den soláthar seo, bainfear amach na píopaí sin agus cuirfear isteach píopaí úra ina n-áit mar chuid den obair fheabhsúcháin seo.

 

 Is iad Farrans Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann, agus táthar ag dréim go mbeidh siad curtha i gcrích faoi thús mhí an Mhárta 2019.

 

Agus é ag tabhairt tuilleadh eolais faoina bhfuil beartaithe, dúirt an Ceannásaí Réigiúnach ar an Chlár Laghdaithe Sceitheadh Uisce de chuid Uisce Éireann, Declan Cawley: “Cuideoidh an athnuachan seo ar phíopaí uisce agus ar cheangail seirbhíse le sceitheadh uisce agus polladh píopaí a laghdú, agus cinnteoidh sé go mbeidh soláthar iontaofa uisce ar fáil do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar”.

 

Leis an chur isteach ar chustaiméirí a laghdú, beidh na hoibreacha teoranta go dtí píosaí gairide de phíopaí. is féidir go mbeidh gá leis an soláthar uisce a mhúchadh ar feadh tréimhsí gairide, agus cinnteoidh an mheitheal oibre go dtabharfar fógra 48 uair, ar a laghad, do chustaiméirí sula ndéanfar aon soláthar uisce a mhúchadh.

 

Is féidir go mbeidh bainistiú tráchta i bhfeidhm le linn an ama seo. Is féidir go mbeidh malairtí slí i bhfeidhm le linn na hoibre. Beidh cead isteach is amach ag trácht áitiúil agus trácht éigeandála i rith an ama.

 

Tá fógra tugtha do na cónaitheoirí agus gnólachtaí sin a rachaidh na feabhsúcháin bheartaithe chun sochair dóibh sna ceantair, agus is féidir le custaiméirí glaoch ar Uisce Éireann ar Ghlao Sábhála 1850 278 278 má tá aon cheist acu fá dtaobh den togra.  

 

Tá Uisce Éireann buartha fá aon mhíchaoithiúlacht a tharlóidh mar gheall ar na feabhsúcháin seo ar an ghréasán soláthar uisce. Beidh tuairiscí rialta ar an obair ar shuíomh idirlín Uisce Éireann ar  https://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an Chlár Laghdaithe Sceitheamh Uisce de chuid Uisce Éireann ar shuíomh idirlín Uisce Éireann ag www.water.ie.  Tá an tionscadal seo mar chuid de phlean infheistíochta Uisce Éireann. Tá tús áite tugtha do roinnt tionscadal chun dul i ngleic leis na fadhbanna is mó, de réir na ngealltanas atá leagtha amach i bPlean Gnó Uisce Éireann. Beidh caiteachas caipitil de €5.5 billiún ar chaighdeán agus cumas na seirbhíse i dtaca le huisce inólta agus fuíolluisce, chomh maith le bonneagar úr, suas go dtí 2021. Mar chuid den phlean seo, tá infheistíocht beartaithe chun sceitheadh uisce a laghdú agus i gcaighdeán an uisce, ar a dtugtar an Clár Laghdaithe Sceitheadh Uisce, clár a tchífidh infheistíocht de €512 milliún le linn na tréimhse go dtí 2021. Tá na hoibreacha seo fíorthábhachtach chun soláthar uisce atá glan, sábháilte agus iontaofa a chur ar fáil le tacú leis an fhás atá ag teacht ar an daonra agus ar an gheilleagar.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO