Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Áthrú Úinéireachta ar Mhaoin Inrátáilte

Athrú Úinéireachta ar Mhaoin Inrátáilte

Dualgas úr ar úinéirí aon athrú ar shealbhú maoine inrátáilte a chur in iúl don Chomhairle

 

 

Tagann Alt 32 den Acht Rialtais Áitiúil 2012 i bhfeidhm inniu an 1 Iúil, alt a chuireann ceangal ar úinéirí maoine inrátáilte aon athrú i dtaca le sealbhú a maoine a chur in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Is é a chiallaíonn seo go gcaithfidh úinéirí eolas a chur chuig an Chomhairle má tá an mhaoin á díol nó má tá athrú tionóntachta ann, agus má tharlaíonn sé go mbíonn an mhaoin gan áitiú.

 

Agus é ag caint inniu, is é a dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Airgeadais le Comhairle Contae Dhún na nGall, 'tá sé tábhachtach go bhfuil gach úinéir ar mhaoin inrátáilte ar an eolas faoin athrú seo mar má theipeann ar éinne an t-athrú seo a chur in iúl don Chomhairle laistigh de 14 lá, gearrfar pionós trom airgeadais ar an úinéir.'

 

Is ionann an pionós agus méid atá comhionann le dhá bhliain de rátaí gan íoc ón sealbhóir deireanach. Aon phionós atá le híoc ag úinéir ar mhaoin ábhartha de bharr gan an t-eolas a chur ar fáil, fanóchaidh sin mar tháille ar an mhaoin.

 

Agus lena chois sin, ar seisean 'cuirtear i gcuimhne do gach íocóir rátaí go bhfuil dualgas dleathach orthu gach ráta gnó, atá le híoc acu, a íoc sula bhfágfaidh siad aon mhaoin nó sula ndíolfar, nó sula n-aistreofar, suim in aon mhaoin.  Aon ráta atá le híoc ag úinéir ar mhaoin ábhartha, fanóchaidh sin mar tháille ar an mhaoin.

 

Tuilleadh eolais le fáil anseo. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO