Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Atlas Réigiúin

Atlas do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt

Atlas

Ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus an tIonad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach ar cuairt ag Scoil Deartha Iarchéime Harvard an tseachtain seo caite faoi choinne sraith ceardlanna agus seimineár i gcuideachta scoláirí a bheidh ag tabhairt faoi obair allamuigh san Iarthuaisceart amach i mí Mhárta mar chuid den tionscadal Atlas do Réigiún Cathrach.

 

Thug Ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus an tIonad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach, cuairt ar Scoil Deartha Iarchéime Harvard an tseachtain seo a chuaigh thart chun comhthéacs a shocrú don obair a bheidh á déanamh ag an scoil. Tríd an réigiún agus a phoitéinseal a scrúdú, tá an SDI ag ullmhú anailís de thírdhreach réigiún na cathrach agus ag amharc ar na cásanna féideartha don cheantar amach anseo i ré iar-Bhreatimeachta.

 

Míníonn Eunan Ó Coinn, Pleanálaí Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall go dtugann an obair seo léargas nua ar thírdhreach an réigiúin agus féachtar leis na saincheisteanna áitbhunaithe a shainiú inaar féidir leis an dá údarás áitiúla leanúint orthu ag comhoibriú le chéile.

 

Bhí diansraith léachtaí agus ceardlanna ag na scoláirí leis na hionadaithe ón Iarthuaisceart a thug dearcthaí áitiúla dóibh, a cheistigh tuairimí agus a thug luach níos mó don obair fhairsing atá déanta cheana féin ag an SDI faoi threoir Phríomhthaighdeoir an Tionscadail, an tOllamh Gareth Ó Dochartaigh.

 

Atlas 1

Príomhthaighdeoir an Tionscadail, Atlas do Réigiún Cathrach, an tOllamh Gareth Ó Dochartaigh agus é ag caint le linn ceardlainne i Scoil Deartha Iarchéime Harvard an tseachtain seo caite mar a raibh ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag bualadh le scoláirí a bheidh ag tabhairt faoi obair allamuigh san Iarthuaisceart amach i mí Mhárta.

 

Creideann Karen Nic Philib, Stiúrthóir Comhshaoil agus Athghiniúna le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin gur tionscadal uathúil é seo agus go bhféadfaí go dtionscnódh sé smaointeoireacht úr agus léargais úra a mbeidh de thoradh orthu go bhfeabhsódh siad na pleananna chun réigiún na cathrach a fhorbairt amach anseo.  

 

Tá an Scoil Deartha Iarchéime chun tabhairt faoi obair allamuigh san Iarthuaisceart faoi dheireadh mhí Mhárta tráth a gheobhaidh na scoláirí an deis a bheith ag plé le pobail agus le heagraíochtaí áitiúla agus tírdhreach saibhir an Iarthuaiscirt a iniúchadh dóibh féin.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO