Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bainimis leas as an chósta

Bainimis leas as an chósta

Joy Harron 

Tá cósta iontach ag Dún na nGall. Tá na cladaigh agus na tránna san iarthar buailte go mór ag an Aigéan Atlantach, agus tá sé ar an chósta is faide sa tír, atá 1,234km ar fad, agus is é sin 17% den imeallbhord náisiúnta.

 

De bharr go bhfuil níos mó de Shlí an Atlantaigh Fhiáin le fáil i nDún na nGall ná in aon chontae eile, ní haon ábhar iontais é go measaimid gur acmhainn iontach do Dhún na nGall agus d'fhorbairt na turasóireachta mara san am atá amach romhainn atá sa tírdhreach bródúil suntasach seo.

 

Tá Joy Harron (ar chlé) ina hOifigeach Forbartha Margaíochta don Turasóireacht Mhara le Turasóireacht Dhún na nGall Teo agus tá sí lonnaithe in Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall. Agus breis agus 14 bliana de thaithí aici sa mhargaíocht, i dteicneolaíocht an eolais agus i gcúrsaí traenála agus béim ar leith ar an turasóireacht, tá scileanna ar leith aici chun na hacmhainní seo a chur chun cinn ar fud an domhain.

 

Tá Joy freagrach as roinnt tograí nuálacha margaíochta a chur i bhfeidhm, tograí a chuideoidh leis an táirge turasóireachta mara agus uisce ar fud Dhún na nGall a fheabhsú, a fhorbairt agus a mhargú do dhaoine ar fud an domhain.

 

 

"Oibríonn Turasóireacht Dhún na nGall go dlúth le Comhairle Contae Dhún na nGall ar chuid mhór tograí éagsúla ar nós Shliabh Liag, Turasóireacht Chrúsála agus Teach Solais Fhánada trína bhfeachtais meán sóisialta agus margaíocht dhigiteach a eagrú, ábhar bolscaireachta ar nós bratach agus leabhrán a chur le chéile chomh maith le bualadh le heagraíochtaí éagsúla agus ag cur comhairle orthu faoin dóigh le tabhairt faoina dteachtaireacht a chraobhscaoileadh.' 

Tá saineolas ag Joy fosta ar an dóigh leis na meáin shóisialta agus an mhargaíocht a úsáid, agus thig léi oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí atá i mbun tograí éagsúla.

 

"Is ról ilchineálach é ag iarraidh an contae agus a bhfuil ann a chur chun cinn. Tá neart deiseanna againn anseo anois le Slí an Atlantaigh Fhiáin agus tá dúshláin romhainn leas a bhaint as na tograí éagsúla Eorpacha chun tacú lena bhfuil ar fáil againn anseo sa chontae cheana féin'.

 

"Ina measc seo tá an Bealach 'Cool' arb é is aidhm leis an tseoltóireacht a fhorbairt ar an bhealach crúsála a dtugtar an forimeall ó thuaidh air; togra Seol Siar Uiscí Mhálanna; Craobhchomórtas an Domhain don tSlatiascaireacht Bháid; an togra Taoidí Ama a bhaineann le stair mhara feadh an chósta s'againne i measc cóstaí eile, agus SeaEurope a bhaineann le táirge caomhantais turasóireachta a fhobairt, rud a d'fhéadfadh, inár gcás féin, díriú ar an líon liamhán gréine a thugann cuairt orainn gach bliain.'

 

Creideann Joy go bhfuil deiseanna iontacha do Dhún na nGall i réimse na fóillíochta mara agus na turasóireachta mara.

 

"Bímid i gcónaí ag amharc chun tosaigh i dtreo tograí úra iontacha a chuideoidh linn lán-acmhainneacht a bhaint amach agus tá suim mhór á léiriú ag páirtnéirí Eorpacha cheana féin i gceann amháin acu seo, mar atá Taoidí Ama.  Is breá liom rudaí úra a aimsiú thart fán chósta s'againne agus go díreach nuair a shíleann tú go bhfuil gach rud feicthe agat tagann rud éigin úr eile,' ar sise.

 

Tá lán-acmhainneacht na turasóireachta cósta agus mara le baint amach againn go fóill i nDún na ngall agus d'fhéadfadh forbairt inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha seo cur go mór le fás eacnamaíochta agus le fostaíocht i nDún na nGall.  D'fhéadfadh sé tacú fosta le forbairt inbhuanaithe na réigiún cósta is iargúlta sa chontae, ag tabhairt réitigh inbhuanaithe do phobail chósta don am atá romhainn.

 

I gcomhar leis an tírdhreach drámatúil atá againn, tá Joy agus Turasóireacht Dhún na nGall Teo ag tabhairt isteach moltaí, coincheapa agus tograí úra turasóireachta chuig an ré síorfhorbartha digiteach lena chinntiú go mbeidh teacht ag achan duine ar an earnáil turasóireachta mara anseo agus clú agus cáil dhomhanda a bheith air.

 

Príomhphointí

Fá choinne tuilleadh eolais tabhairt cuairt ar www.malinwaters.com nó lean UiscíMhálanna ar Facebook agus Twitter nó cuir scairt ar (074) 97 24431.

Beidh an chéad tionóil eile de chuid Chónaidhm an AE ar son na Turasóireachta Mara (FEDETON) ar siúl i nDún na nGall

Féach a bhfuil le fáil i nDún na nGall ag www.govisitdonegal.com nó lean 'GoVisitDonegal' ar Facebook agus Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO