Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Baol Tine Síneadh Ama

Síneadh ama go dtí an Chéadaoin 11 Iúil maidir le fógra baol mór tine (Stádas Contúirte Dearg)

 

 

Síneadh ama go dtí an Chéadaoin 11 Iúil maidir le fógra baol mór tine (Stádas Contúirte Dearg)

 

 

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh síneadh ama a chur leis an fhógra baol mór tine (Stadás Contúirte Dearg) go dtí meánlae Dé Céadaoin 11  Iúil. 

 

 

Ag éirí as na héifeachtaí atá ag na córais ardbhrú aimsire, na teochtaí arda agus na coinníollacha triomaigh atá ann le tamall, meastar go bhfuil baol mór tine ann achan áit a bhfuil breosla contúirteach.  Tá méadú ar an riosca sin chomh maith de bharr go mbíonn níos mó daoine i mbun gníomhaíochtaí ar thailte ar a bhfuil baol tine nuair a bhíonn aimsir mhaith ann mar atá anois.

 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt leis an Roinn, ag iarraidh ar an phobal gan a bheith ag tosú tinte, beárbaiciúnna ná aon fhoinse oscailte adhainte eile ar thailte foraoise, ar áiseanna poiblí agus ar aon láthair eile ar a bhfuil baol tine, go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

 

Moltar go láidir dóibh siúd atá i mbun baint féir agus ag úsáid innealra agus aon obair thalmhaíochta eile a d’fhéadfadh cur leis an bhaol tine ar fhásra tirim sna coinníollacha atá ann faoi láthair, a bheith an-chúramach ar fad.  Is cosúil go raibh baint an-láidir idir tinte agus dumpáil mhídhleathach agus gníomhaíochtaí eile ar thailte poiblí le roinnt laethanta anuas agus tá muid ag iarraidh ar bhainisteoirí talún agus ar úinéirí talún a bheith an-airdeallach.  Tá sé i gcoinne an dlí fásra atá ag fás ar thalamh neamhshaothraithe a dhó idir 1 Márta agus 31 Lúnasa.

 

 

Mura mbíonn aon athrú suntasach ar an aimsir leanfaidh an  fógra baol tine seo i bhfeidhm  go dtí 1200 Dé Céadaoin 11 Iúil 2018, agus déanfar an scéal a mheas arís ag an am sin.

 

 

Táthar ag iarraidh ar gach úinéir talún agus gach ball den phobal a bheith airdeallach agus fios a chur láithreach bonn ar an tSeirbhís Dóiteáin, trí scairt a chur ar 999 nó 112, maidir le haon tine gan smacht gan chúram.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO