Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bealach Cool

Toscairí ó Thogra Bhealach Cool ag cruinniú i mBaile Dhún na nGall

Cool Route Project Partners  379 x 269

Páirtnéirí Thograí Bhealach Cool as Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Albain ina seasamh do ghrianghraif ag cruinniú i nDún na nGall

 

Tá Togra Bhealach Cool, atá á mhaoiniú faoi Chlár an Fhorimill ó Thuaidh agus an Artaigh agus á stiúradh ag Ionad Barr Feabhais san Fhiontraíocht de chuid Hinks ag Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, tá sin ag déanamh ag déanamh taighde ar phleanáil lóistíochta, ghnó agus mhargaíochta i dtaca le bealach crúsála Luaimh (seolta agus mótair) thart ar chóstaí thiar thuaidh na hEorpa agus na hIorua.

 

Tá gach ceann de na Mór-Eagraíochtaí Seoltóireachta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe páirteach ann, agus tá páirtnéirí in Éirinn, i dTuaisceart Éireann, in Albain, in Oileáin Fharó agus san Iorua.

 Cool Route Project Partners with Cathaoirleach 379 x 269

Páirtnéirí ó Thograí Bhealach Cool as Éirinn, Tuaisceart Éireann agus an Albain ag bualadh leis an Chathaoirleach, An Clr. Ciarán Ó Brógáin

 

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Turasóireacht Dhún na nGall Teoranta, mar pháirtnéirí, a d'óstáil an cruinniú. D'fhreastail an Cathaoirleach, an Clr Ciarán Ó Brógáin ar an chruinniú agus chuir fáilte roimh na páirtnéirí go Dún na nGall. Dúirt sé gur 'togra den chéad scoth é seo, ag leanstan ar aghaidh ó Thogra Seol Siar, faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus ba deis iontach é Dún na nGall a chur chun tosaigh mar cheann scríbe seoltóireachta den chéad scoth'.

 

Phléigh na páirtnéirí an dóigh a raibh Bealach Cool ag éirí níos mealltaí don earnáil chrúsála 'Gairdín', agus chomh tarraingteach agus a bhí Bealach Cool do chrúslonga an-bheaga, a iompraíonn suas le 80 nó 100 paisinéir agus a mbíonn eispéireas iomlán difriúil orthu don chustaiméir, de bharr a méide, ón eispéireas a fhaightear, ar tír agus ar bord, sna crúslonga níos mó.  Is féidir dul i dtír i gceantair agus i gcéanna níos iargúlta sna bádaí níos lú seo.

 

Ag an chruinniú i mBaile Dhún na nGall, chuir na páirtnéirí fearadh na fáilte roimh an fhógra gur vótáladh Albain mar an 'Ceantar Crúsála is Fearr ar Domhan' sna mórghradaim sheoltóireachta - chun tosaigh ar áiteanna níos teo fiú, ar nós na Gréige, na Tuirce, na gCanárach, agus San Uinseann agus na Greanáidíní.  Cruthaíonn sé seo féidearthachtaí iontacha do pháirtnéirí eile i réigiúin ar nós Dhún na nGall agus Thuaisceart Éireann a bhfuil dlúthnaisc acu le hAlbain agus le branda seoltóireachta Uiscí Mhálanna. Togra seoltóireachta faoi stiúr Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhí in Uiscí Mhálanna, lenár gcósta a chur chun cinn i measc an lucht seoltóireachta.

 Ó thaobh an Bhealaigh Cool de rinneadh tagairt do na gnéithe ar leith a bhaineann leis; flúirse céiticeach, oidhreacht, cultúr, bia, míolta móra, deilpheanna, éagsúlacht éanacha, poirt iascaireachta, deiseanna úra gnó do bhialanna, ionaid chuairteoirí, thionscail éagsúla srl. 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as an ghné chumarsáide den togra, ina measc na meáin shóisialta agus an suíomh idirlín.

 

Tá eolas iomlán i dtaca le Togra Bhealach Cool ar fáil ag www.sailcoolroute.eu

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO