Beidh oibreacha ar dhromchla an N13 idir Shéipéal an Bhirt agus an teorainn ag Ceann an Droichid ón 30 Iúil go ceann sé seachtaine ar an 7 Meán Fómhair. Is é atá i gceist leis na hoibreacha ná bainistiú tráchta, dromchla úr a chur síos, oibreacha draenála agus línte bóthair.
Beidh teorainn luais speisialta 60kph ar an chuid seo den bhóthar le linn na n-oibreacha.
Beidh malairt slí i bhfeidhm tríd an R239 (Bóthar an tSlaba) le haghaidh feithiclí atá ag dul go Doire / Inis Eoghain, agus beidh príomhbhóthar an N13 oscailte go fóill le haghaidh feithiclí atá ag dul go Leitir Ceanainn ó Cheann an Droichid.