Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Brat Glas 55 Scoil

Brat Glas do 55 Scoil i nDún na nGall

55 schools in Donegal awarded Green Flags

Daltaí ó Phobalscoil Loreto ag fáil an bhrait ghlais ag an ócáid speisialta i Leitir Ceanainn

 

Bronnadh an Brat Glas ar 55 scoil i nDún na nGall ag ócáid speisialt a reáchtáldh in Óstán an Radison Blu i Leitir Ceanainn ní ba luaithe an mhí seo. Bhí trí scoil ansin a fuair an brat glas don chéad uair riamh mar gheall ar a gcuid oibre i dtaca le Bruscar agus Dramhaíl, agus bhí athnuachan déanta ar an bhrat ghlas a bhí ag an 52 scoil eile.

 

Is iad na scoltacha a fuair an brat glas den chéad uair ná Scoil Náisiúnta Castleshanaghan, Leitir Ceanainn, Coláiste Cranncha, Bun Cranncha, agus Scoil Chaitríona, Béal Átha Seanaidh.

 

Bronnadh brait ar roinnt scoileanna le haghaidh Fuinneamh um Shaoránacht Dhomhanda as a bheith páirteach sa chlár ar feadh 14 bliana ar a ladhad. Bronnadh a naoú brat glas ar Scoil Cholm Cille i Leitir Ceanainn.

 

Thug an Cathaoirleach, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh aitheantas agus ardmholadh speisialta do Ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, a fuair aitheantas náisiúnta nuair a bronnadh an gradam 'Scoil na Bliana Uisce Éireann do Scoileanna Glasa' orthu do Réigiún an Iarthair, i ndiaidh dóibh a bheith curtha ar ghearrliosta as 3,000 iarratas. D'éirigh leo laghdú 80% a dhéanamh i dtaca le húsáid uisce sa scoil, rud a mheall súil na moltóirí go mór.

 

I nDún na nGall tá 195 scoil cláraithe leis an chlár agus tá 164 brat glas ar foluain go bródúil ar fud Dhún na nGall.

 

55 schools in Donegal awarded Green Flags

Daltaí agus Múinteoirí ó Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach, ag fáil an bhrait ghlais ag an ócáid speisialta i Leitir Ceanainn.

 

 

 

Is é Uisce Éireann, The Wrigley Company agus Toyota Motor Europe atá mar urraithe ag an togra seo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO