Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bróisiúr Turasóireachta seolta

Bróisiúr Nua Turasóireachta Dhún na nGall Seolta

Donegal Tourism Launch Cllrs

Iad siúd atá sa ghrianghraf ag seoladh bróisiúir nua turasóireachta in Óstán The Villa Rose, chun tosaigh ó chlé: An Clr. Tom Conaghan, Cathaoirleach An Clr. Séamus Ó Domhnaill,Séamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ar chúl ó chlé tá; An Clr. Barry Ó Neill, An Clr. Niamh Kennedy, An Clr. Ciarán Brogan agus An Clr. Gerry Crawford.

 

Inné i dtimpeallacht álainn Óstán an Villa Rose, i mBaile bríomhar Bhealach Féich, a seoladh Bróisiúr Nua Turasóireachta Dhún na nGall don bhliain 2019.

 

Glao-chárta tábhachtach gan dabht don chontae is ea an bróisiúr seo a thugann blaiseadh de na háiseanna iontacha agus nithe is díol spéise i nDún na nGall agus a chuireann beocht le tréaníomhá radharcach de Dhún na nGall dár gcuairteoirí.

 

Ag seoladh an bhróisiúir dó, chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, síos ar an bhróisiúr mar “fuinneog”’ trína n-amharctar amach ar ár gcontae álainn a spréann amach trasna an domhain go diaspóra na hÉireann agus go turasóirí araon, iad a mhealladh chun cuairt a thabhairt orainn le go gcuirfimis fáilte Uí Cheallaigh rompu”.

 

Seo an triú heagrán den bhróisiúr a bhfuil 64 leathanach ann. Dáiltear amach é fud fad na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, na Fraince, na Gearmáine agus na Stáit Aontaithe.  Tá breis agus daichead téama agus ceannlíne d’imeachtaí sa bhróisiúr a bhfuil tóir orthu ar nós surfála, gailf agus iascaireachta chomh maith le sár-áiseanna agus saoráidí Dhún na nGall, earraí áitiúla, na hoileáin, féilte agus ceantair na Gaeltachta a ligeann don léitheoir a chuairt a phleanáil go héasca.   

 

DL Tourism brouchure launch group

 

Ag caint dó ag an seoladh dúirt Cllr. Ó Domhnaill, “Tá an turasóireacht i nDún na nGall ina crann taca atá againn i gcónaí, ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de le mo chuimhne agus roimhe sin fiú. Tá clú agus cáil de shíor ar mhuintir Dhún na nGall i ngeall ar a bhfáiltiú croiúil agus ar a bhflaithiúlacht.  Tá an t-ádh dearg orainn i nDún na nGall le tarraingt na turasóireachta atá inchurtha le rud ar bith eile ar chlár an domhain.

 

Cuireann sé lúcháir an domhain orm an infhéistíocht agus an tiomantas a fheiceáil atá á chur ar fáil go leanúnach ag Turasóireacht Dhún na nGall dár gcontae maidir le margaíocht Dhún na nGall ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Creidim, i ndáiríre anois, go bhfuil ceann scríbe saoire den chéad scoth ag Dún na nGall do chuairteoirí calma agus is áit iontach í le bheith i do chónaí agus le gnó a dhéanamh ann.”

 

“Is dócha gurb í an turasóireacht an earnáil fáis is láidre i nDún na nGall agus tá mé cinnte go leanfaidh sé ag imirt ról beathúil i bhfás eacnamaíoch an réigiúin. 

 

Is tionscnamh an-dearfach é Slí an Atlantaigh Fhiáin de chuid Thionscnamh Turasóireachta Éireann agus leanfaidh mar sin é. Acmhainn atá ann a ndéanfaidh muid forbairt agus cur chun cinn air ar feadh 2019 agus ina dhiaidh.

 

“Le dhá mhí anuas tá roinnt imeachtaí agus tograí iontacha curtha ar fáil againn agus mar gheall ar an pháirtnéireacht le cumainn tradála agus le gníomhaíochtaí comhpháirtíochta, Fáilte Ireland agus Turasóireacht Éireann Teoranta san áireamh, leanfaidh ár bhfoireann le cur chun cinn Dhún na nGall i mbaile agus i gcéin ar ardáin éagsúla phoiblíochta. Is é suíomh idirlín úr [email protected] suíomh a bheidh beo sna seachtainí seo chugainn agus cuirfear traenáil ar fáil don lucht  gnó lena dtáirgí agus seirbhísí a uaslódáil ar an ardán nua seo”, arsa Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Séamus Neely, atá ina Chathaoirleach le Turasóireacht Dhún na nGall Teo. chomh maith.

 

Nocht Barney McLaughlin, Ceannaire Turasóireachta i nDún na nGall sonraí na spriocanna a baineadh amach in 2018 chomh maith leis na pleananna don bhliain amach romhainn. 

 

DL Tourism brouchure

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO