Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bronnadh Scoláireachtaí

Bronnadh Scoláireachtaí Gaeltachta

Gaeltacht Scholarship 2015 379 x 269

Daltaí ó Dhún na nGall a fuair lánscoláireacht Ghaeltachta ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, scéim a fhaigheann tacaíocht airgid ó na Coláistí Samhraidh sa chontae chomh maith.

 

 

Tá 34 dhalta scoile as achan chearn de Dhún na nGall, agus iad lán díograis agus tógáil mhór croí, i ndiaidh lán-scoláireachtaí samhraidh Gaeltachta a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall Dé Luain 25 Bealtaine. Ba é Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. John Campbell, agus Cathaoirleach ar Choiste Gaeilge na Comhairle Contae, An Clr Mícheál Ó Cuinn, a rinne na scoláireachtaí a bhronnadh ar an aos óg ar an lá.

 

Agus é ag caint ag an ócáid, dúirt Jake McDaid, atá aon bhliain déag d’aois, go raibh lúcháir air an deis seo a fháil freastal ar Choláiste Ghael Linn i mBun an Inbhir i nGaoth Dobhair, agus bhí an méid céanna le rá ag Charlene McGinley, 13bl, agus í ar tí freastal ar chúrsa de chuid Choláiste an Phiarsaigh i nDún Lúiche. Chuir an Cathaoirleach John Campbell fáilte fhoirmeálta roimh achan dalta agus achan tuismitheoir chuig an ócáid agus luaigh sé an tábhacht a bhí leis an Ghaeilge i gContae Dhún na nGall, a eispéireas féin agus a thaithí féin leis an teanga mar fhoghlaimeoir, agus ghuigh sé gach ádh leis na daoine óga le linn a gcuid laethanta saoire i gceantar saibhir na Gaeltachta.

 

Ghabh an Clr. Mícheál Ó Cuinn, cathaoirleach ar Choiste Gaeilge na Comhairle Contae, ghabh sé buíochas leis na coláistí éagsúla atá ag tacú leis an scéim bhliantúil trí 17 scoláireacht a chur ar fáil i gcoinne an 17 scoláireacht atá á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ina measc Coláiste Bhríde i Rann na Feirste, Coláiste Árainn Mhór ar Oileán Árainn Mhór, Coláiste Chill Chartha, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne i dTeileann, Coláiste Chú Chulainn i nGaoth Dobhair, Coláiste Ghael Linn i mBun an Inbhir, Coláiste na Rosann in Anagaire agus Coláiste an Phiarsaigh i nDún Lúiche. ‘Fuair an Chomhairle 465 iarratas san iomlán’ ar seisean ‘agus tá 34 lánscoláireacht á mbronnadh againn ar na daltaí ádhúla ar tarraingíodh a gcuid ainmneacha amach as an bhosca i gcrannchur oscailte agus cothrom ina raibh an deis chéanna ag achan duine. Is fiú suas le €25,000 an scéim seo’ a lean sé ‘agus is infheistíocht shuntasach í sin sa teanga, san óige agus sa chontae’. Ghabh sé buíochas lena chomhleacaithe tofa ar Choiste na Gaeilge.

 

Dúirt Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, go raibh sé tábhachtach dúinne a léiriú do na daoine óga go bhfuil meas againn féin ar an teanga. Labhair sé faoin tábhacht mhór a bhí bainte leis an teanga i saol na hoibre agus sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus rinne sé tagairt chomh maith do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí laistigh den Chomhairle contae, ina measc imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ní ba luaithe i mbliana sna leabharlanna ar fud an chontae, cur i bhfeidhm Scéim Teanga na Comhairle 2014-2017, pleananna leis an Ghaeilge a bheith san áireamh sa chlár imeachtaí atá á chur le chéile le haghaidh Chomóradh Céad Bliain 2016, agus go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail don chontae atá ar na bacáin.

 

CRÍOCH

 

(Liosta ainmneacha thíos faoi seo)

 

Ainmneacha don Scéim Scoláireachta 2015

 

 

Liosta Deiridh do Scoláireachtaí   Gaeltachta 2015

Kathlyn McFeeley, Uisce Chaoin, Magh

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Leah Quigley, Ballynally, Bun an Phobail, Leifear

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Donna McConnellogue, Sappagh, Magh

Coláiste Ghael Linn, Bun an Inbhir

Sophie Doherty, Bóthar Ghaoth Dobhair, An   Clochán Liath

Coláiste Ghael Linn, Bun an Inbhir

Jake McDaid, Sappagh, Magh

Coláiste Ghael Linn, Bun an Inbhir

Lauren Callaghan, An Phríomhshráid, Cúil   na gCuirridín

Coláiste Ghael Linn, Bun an Inbhir

Niamh O'Hagan, Sappagh, Magh

Coláiste na Rosann, Anagaire

Rebecca Blaney, County Lane, An Clochán   Liath

Coláiste na Rosann, Anagaire

Ruairí Kelly, Glenmaquin, Leitir Ceanainn

Coláiste na Rosann, Anagaire

Orla Egan, An Cheathrú Chaol

Coláiste na Rosann, Anagaire

Aoife Ní Dhuibhir, An Bábhún/Bavan, Cill   Charthaigh

Coláiste na Rosann, Anagaire

Mathew Callaghan, Arda Radharc an Bhaile,   Bealach Féich

Coláiste na Rosann, Anagaire

Rebecca Blackburn, Magheracorran, Conmhaigh

Coláiste an Phiarsaigh, Dún Lúiche

Éimear Nic Pháidín, Cnoc an Chuilinn,   Hollymount,

Coláiste an Phiarsaigh, Dún Lúiche

Charlene McGinley, Cashleenan, An   Tearmann

Coláiste an Phiarsaigh, Dún Lúiche

Odhrán McGlynn, Thompsonstonduff, An   Clochán

Coláiste an Phiarsaigh, Dún Lúiche

James Monagle, Cloch Ard, Gleann Tóchair,   Carn Domhnach

Coláiste an Phiarsaigh, Dún Lúiche

Tadhg Quigley Brennan, Bóthar Leitir   Ceanainn, Ráth Mealtain

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

Siobhán Ní Dhochartaigh An   Bogach Carraig Dún na nGall Contae Dhún na

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

Shannon Doherty, Ard na Rí, An Lána Fada,   Leitir Ceanainn

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

Máirtín Mac Fheargail, Assaroe View, Béal   Átha Seanaidh

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

Róise Ní Andersson, Coguis, Cill   Charthaigh

Coláiste Chill Chartha

Danielle Masterson-Burrows, Lawne Close, Béal   Átha Seanaidh

Coláiste Chill Chartha

Ava McGinley, Na Caislíní Cill Charthaigh

Coláiste Chill Chartha

Aisling O'Malley, Clós Naomh Muire, St Mary's   Close

Coláiste Chill Chartha

Courtney O'Connor, Carnmalin Carn   Mhálanna, Cionn Mhálanna

Coláiste Chill Chartha

Seán Coleman,Dungorman, Caisleán na Finne

Coláiste Chill Chartha

Aoife Kelly, An Craoslach, Leitir   Ceanainn

Coláiste Chill Chartha

Conor Bowe, The Fairways, Leitir Ceanainn

Coláiste Árainn Mhór

Harry White, Na Mínligh / The Fairways, An   Glaidhb, Leitir Ceanainn

Coláiste Árainn Mhór

Shaun Marley, Coillte Feargail, An   Clochán

Coláiste Chú Chulainn

Chloe Doherty, Baile Áir / Ballyare, Ráth   Mealtain

Coláiste Chú Chulainn

Amy Dilleyston, Cornfield Lane / An Baile   Nua

Coláiste Chú Chulainn

Amelia Yeoman, Gort na mBó,  Aghilly, Bun Cranncha

Coláiste Chú Chulainn

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO