Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bua ag Kasia i gComórtas Ealaíne Sábháilteachta

Tugann Kasia an chraobh léi i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre

Kasia Wach

Kasia Wach, Buaiteoir i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoil Mhuire gan Smál, Leitir Ceanainn lena hathair Jerzy Wach, Brian Ó Domhnaill, Comhairle Contae Dhun na nGall, Deasún Mag Loinsigh, Cláirsigh na Finne, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne, Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne, agus buaiteoirí na catagóire, Adam Lough, Scoil Náisiúnta Ghort na gCart, Ard an Rátha, Órlaith Ní Chinnéide, Scoil Náisiúnta Chill Choinnigh, na Gleannta,  Aoibhín Nic Íomhair, Scoil Eoghain, Bun an Phobail, Sadhbha Nic Aoidh, Scoil Naomh Dúigh, Anagaire, Jeaic Mistéil, Scoil an Linbh Íosa, Cill Ó mBaird, Baile Dhún na nGall & Eva Nic Gaibheacháin, Scoil Náisiúnta Naomh Baithín, Baile Suingean.  Grianghraf le Clive Wasson

 

Ag tabhairt na craoibhe léi as measc chóir a bheith 900 iontráil, is í Kasia Wach ó Scoil Mhuire gan Smál i Leitir Ceanainn buaiteoir iomlán an Chomórtais Ealaíne do Bhunscoileanna, Sábháilteacht ar Bhóithre.   Beidh obair bhuacach ealaíne Kasia ar mhórchlár fógraíochta a chuireann Sábháilteacht ar Bhóithre chun cinn ag Páirc na Finne do shéasúr 2019.

 

Le cois iontráil Kasia, roghnaíodh buaiteoirí ó scoileanna ar fud Dhún na nGall, ina measc: Órlaith Ní Chinnéide, Scoil Náisiúnta Chill Choinnigh, na Gleannta:  Sadhbha Nic Aodh, Scoil Naomh Dúigh, Anagaire: Aoibhín Nic Íomhair, Scoil Eoghain, Bun an Phobail: Adam Lough, Scoil Náisiúnta Ghort na gCart, Ard an Rátha: Eva Nic Gaibheacháin, Scoil Náisiúnta Naomh Baithín, agus Jeaic Mistéil, Scoil an Linbh Íosa, Cill Ó mBaird, Baile Dhún na nGall

 

Bhronn Meitheal Sábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne duaiseanna ar na buaiteoirí ag céad chluiche baile na gCláirseach sa tséasúr nua in éadan Dhún Dealgan ag Páirc na Finne i mBealach Féich Dé hAoine seo caite (22 Feabhra).  Chríochnaigh an cluiche ar comhscór 1-1 agus bhí tráthnóna den scoth ag buaiteoirí na gcatagóirí uilig mar aíonna ag Cláirsigh na Finne.

  

Mhol Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre na scoileanna uilig as páirt a ghlacadh sa tionscnamh Sábháilteacht ar Bhóithre á rá “ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na scoileanna uilig as tacú leis an chomórtas spreagúil seo.  Chuaigh an caighdeán ard líníochtaí a cuireadh chugainn i bhfeidhm go mór orainn

ach ba é saothar Kasia is mó a sheas amach. Ba shuntasach ar fad an méid mionsonraí a bhí ann, díríonn an léaráid ar ábhar buartha dúinn uilig agus tá an teachtaireacht soiléir agus ábhartha: is rud an-chontúirteach ar fad é tiomáint faoi thionchar an óil nó na ndrugaí do gach duine a úsáideann an bóthar sa lá atá inniu ann agus caithfear an nós a bhriseadh.”

 

Lean sé leis “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na gcatagóirí uilig agus a chur ina luí ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí gach áit, go háirithe ag an am seo, cur leis an obair atá ar siúl sna scoileanna trí bheith sábháilte agus freagrach ar na bóithre i rith an ama. Is iontach an rud gur chuir na múinteoirí agus na daltaí a oiread sin oibre isteach agus tá súil agam go mbeidh gach dalta a bhí rannpháirteach níos tuisceanaí ar shábháilteacht ar na bóithre dá bharr”.

 

Art Comp 1

Jeaic Mistéil, Scoil an Linbh Íosa, Cill Ó mBaird, buaiteoir i gcatagóir Dhún na nGall i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf le Clive Wasson

 

Art Comp 2

Sadhbha Nic Aodh, Scoil Naomh Dúigh, Anagaire, buaiteoir catagóire i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf le Clive Wasson

 

Art Comp 3

 

Adam Lough, NS Ghort na gCart, Ardara; buaiteoir catagóire i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóthair, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf- Clive Wasson

 

Art Comp 4

Eva McGavigan, Scoil Náisiúnta Naomh Baithín, Baile Suingean,  buaiteoir catagóire i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóthair, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf- Clive Wasson

 

Art Comp 5

Órlaith Ní Chinnéide, Scoil Náisiunta Chill Choinnigh, na Gleannta, buaiteoir catagóire i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóthair, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf- Clive Wasson

 

Art Comp 6

Aoibhín Nic Íomhair, Scoil Eoghain, Bun an Phobail,  buaiteoir catagóire i gComórtas Ealaíne Sábháilteacht ar Bhóithre in éineacht le Deasún Mag Loingsigh, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóthair, Seán Ó Cuinn, Cláirsigh na Finne agus Seán Mac Cathmhaoil, Cláirsigh na Finne

Grianghraf- Clive Wasson

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO