Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bua tuillte ag Cosaint Shibhialta Dhún na nGall

Bua tuillte ag Cosaint Shibhialta Dhún na nGall

 

Donegal Civil Defence winners in regional competition

 

 

 

Bua tuillte ag Cosaint Shibhialta Dhún na nGall i gcomórtas réigiúnach

 

Bhí bua maithe tuillte ag Cosaint Shibhialta Dhún na nGall i gcomórtas réigiúnach na Cosanta Sibhialta i mbliana agus rachaidh siad ar aghaidh anois le hionadaíocht a dhéanamh ar son an réigiúin sna babhtaí ceannais náisiúnta níos moille i mbliana.

 

 

Sa chomórtas réigiúnach Dé Sathairn seo caite, a bhí ar siúl i dTeach Hazelwood i gContae Shligigh, bhí foirne i láthair ó Dhún na nGall, Ros Comáin, Longfort, Maigh Eo agus Sligeach agus iad san iomaíocht sna dianghníomhaíochtaí a bhí ann le cumas gach foirne a thástáil ó thaobh dul i ngleic le heachtraí ina mbeadh go leor daoine gortaithe.

  

 

I measc na n-eilimintí a bhí i gcomórtas an tSathairn bhí cuardach fá choinne duine ar iarraidh, cumarsáidí Tetra agus GPS, ionad scíste a bhunú do dhaoine aslonnaithe, agus eachtra garchabhrach i lár na hoíche, agus bhí ar bhaill den fhoireann suíomh an taisme a bhainistiú, leigheas a chur ar dhaoine gortaithe agus daoine gortaithe a thriáiseáil lena n-iompar ar shiúl.

 

 

Scrúdaíodh cumas cuardaithe na bhfoirne sa chomórtas cuardaigh i dtimpeallacht dhúshlánach thart fá choill Theach Hazelwood, agus bhí beirt daoine le haimsiú. Bhí ar na foirne an cuardach a phleanáil, foirne cuardaigh a chur ar obair, gach fianaise a bhailiú agus córas cumarsáide a bhunú leis na foirne cuardaigh a bhainistiú.

 

 

Bhí an eachtra don Ionad Scíste bunaithe ar eachtra tuile agus sciorradh láibe inar aslonnaíodh 50 duine; 25 fear idir 15bl agus 80bl, 15 bean idir 13bl agus 74bl, agus 10 bpáistí idir 2bl agus 12bl. 

 

Oibrithe deonacha le Cosaint Shibhialta Shligigh a chuidigh le trealamh agus bia a chur ar fáil do bhreis agus 120 duine ar an lá.

 

 

Bhí aimsir ghalánta ann le linn na gcomórtas ar fad, agus chuir sé sin go mór leis an ócáid.

 

Bhí bronnadh duaiseanna ann fosta ag deireadh an lae. Bhí Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, Clr Hubert Keaney, i láthair, chomh maith leis an Uas. Ciarán Hayes, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh. Bhí Aidan Dillon i láthair ar son na Roinne Cosanta, chomh maith le Róisín McGuire agus roinnt ball foirne ar son Rannóg Traenála na Cosanta Sibhialta.

 

 

Bhain Cosaint Shibhialta Dhún na nGall san eilimint a bhain le comh-sheirbhísí, agus bhain Cosaint Shibhialta Longfoirt san eilimint a bhain le leas. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO