Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Buíochas an Chathaoirligh

Buíochas ón Chathaoirleach as an obair i dtaca le Stoirm Dheasúin

 Cllr Ciaran Brogan

An Cathaoirleach, An Clr. Ciarán Ó Brógáin

 

Tá an Cathaoirleach, An Clr. Ciarán Ó Brógáin i ndiaidh buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach san obair chun dul i ngleic le doineann na seachtaine seo caite. 

 

"Ón bhomaite a fuarthas an fógra maidin Dé hAoine, agus fríd an deireadh seachtaine ar fad, agus isteach go tús na seachtaine seo, ba iontach an obair a rinne baill foirne agus oibrithe deonacha ó eagraíochtaí ar nós Chomhairle Contae Dhún na nGall trí Rannóg na mBóithre, an tSeirbhís Dóiteain agus Cosaint Shibhialta, chomh maith le hÓglaigh na hÉireann, Gardaí Cósta na hÉireann agus na hoibrithe deonacha ar fad ar fud an chontae" arsa an Clr. Ó Brógáin.

 

"Bhí cuid mhór ball foirne agus oibrithe deonacha ar glaoch ó mhoch maidine Dé hAoine agus rinneadh gach iarracht beatha daoine, tithe agus gnólachtaí a chosaint.  Cé nach raibh muid in ann gach teach agus gach gnólacht a shábháil ó dhochar mór na dtuilte, is féidir liom a rá go hionraic agus go macánta nach raibh locht ná easnamh ar bith ar mhuintir Dhún na ngall an deireadh seachtaine seo.  Ba léir an spiorad pobalach agus an muinín atá againn as luach na seirbhíse poiblí ón dúthracht agus ón chúram a thaispeáin ár gcuid seirbhísí uilig le linn an deireadh seachtaine agus ba mhaith liom féin go pearsanta buíochas a ghabháil leo as a gcuid iarrachtaí".

 

"Am deacair é seo do chuid mhór daoine ar fud an chontae agus tá an-chrua agam do gach duine ar scriosadh a dtithe agus a slite beatha de dheasca na dtuilte.   Geallaim daoibh go mbeidh Comhairle Contae Dhún na nGall ar thús cadhnaíochta ag stocaireacht agus ag lorg na n-acmhainní riachtanacha chun dul i ngleic leis na heasnaimh infreastruchtúrtha atá sa chontae".

 

 

Seirbhís Bóithre Chomhairle Chontae Dún na nGall

 

Bhí meithleacha oibre Sheirbhís Bóithre na Comhairle amuigh ag obair i rith an deireadh seachtaine ar fad agus cé go bhfuarthas thart fá 140 scairt tríd an uimhir éigeandála i ndiaidh uaireanta oibre, is iad na comhairleoirí áitiúla agus oibrithe bóthair a fuair an chuid is mó de na scairteanna go háitiúil.  Bhí meithleacha oibre na Seirbhíse Bóithre ag plé le tuilte ar chuid mhór bóithre sa chontae agus rinneadh gach iarracht i rith an deireadh seachtaine gréasán bóithre an chontae a choinneáil inúsáidte. 

 

Ar an drochuair níorbh fhéidir linn sin a chinntiú agus druideadh roinnt bóithre de bharr na dtuilte ar feadh tréimhse le linn an deireadh seachtaine, ina measc bóithre i gCill Mhic Réanáin, Baile na nGallóglach agus An Tearmann, stráiceanna den bhóthar ar feadh an N56 fá Ard an Rátha, An Craoslach, Dún Fionnachaidh agus An Fál Carrach, an N13 i dTír Cahllann in aice le Srath an Urláir agus ag an trasnán i sráidbhaile Phaiteagó.  Bhí tuilte chomh maith ar bhóithre in iarthar an chontae, mar shampla, Na Gleannta, An Fhearthainn, Port Nua, Gaoth Dobhair agus Doirí Beaga.

 

Bhí tuile mhór fá cheantar Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, Caisleán na Finne agus Leifear, a raibh de thoradh air go raibh ar dhaoine roinnt gnólachtaí agus roinnt tithe a thréigbheáil agus go raibh páirteanna den N15 druidte ar feadh tréimhsí fada le linn an deireadh seachtaine, an droichead i  Leifear ina measc.

 

Lifford Flooding 2

 Uisce tuile á phumpáil ón Phríomhshráid, Leifear, maidin Dé Domhnaigh

 

Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall

 

Fuair Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall 53 scairt san iomlán maidir leis na tuilte ar an 5 agus an 6 Nollaig 2015.  Phléigh acmhainn de chuid na Briogáide Dóiteáin le gach eachtra agus bhí níos mó ná briogáid amháin de dhíth ar chuid de na heachtraí, agus mhair cuid de na heachtraí thart fá 24 uair an chloig.

 

Phléigh na briogáidí le heachtraí thart fá Bhun Dobhráin, Béal Átha Seanaidh, Baile Dhún na nGall, Bealach Féich/Srath an Urláir, Na Gleannta, Fathain, An Craoslach, Cill Mhic Reanáin, An Bun Beag agus Leifear. Is ar Bhun Dobhráin, Baile Dhún na nGall, Bealach Féich / Srath an Urláir agus Leifear ba mhó a rabhthas ag díriú orthu.

 

Imlonnaíodh an tArm, Cosaint Shibhialta agus  Gardaí Cósta na hÉireann i gcomhar le hacmhainní príobháideacha eile  chun cuidiú le linn eachtraí tuilte.  D'aistrigh an Bhriogáid Dóiteáin daoine amach as tithe tábhairne i Leifear go luath ar maidin ar an 6 Nollaig, agus rinne an Garda Cósta deichniúr a tharrtháil ó cheithre theach i Leifear an tráthnóna céanna.

 

 Lifford Flooding 1

Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ag dul i ngleic le tuilte i Leifear

 

Cosaint Shibhialta Dhún na nGall

 

Bhí oibrithe deonacha de chuid Chosaint Shibhialta Dhún na nGall ar fuireachas ó 10am maidin Dé hAoine agus bhí siad gníomhach arís ag meánlae Dé Sathairn.  Bhí 18 n-oibrí dheonacha i mbun dualgais éagsúla le linn an tSathairn, ag cuidiú leis tSeirbhís Dóiteáin málaí gainimh a leagan síos agus uisce a phumpáil amach as roinnt áitreabh agus tithe fá Bhealach Féich agus Caisleán na Finne.  Bhí oibrithe deonacha páirteach i dtarrtháil a thabhairt do dhaoine i gcarranna a bhí i sáinn sna tuilte, agus chuidigh siad le daoine a thabhairt slán sábháitle ó Amharclann Balor i mBealach Féich.

 

 

Na Meáin Shóisialta

 

D'oibrigh Oifig Chumarsáide Chomhairle Contae Dhún na nGall i rith an deireadh seachtaine leis an phobal a choinneáil ar an eolas faoi na tuilte a bhí i gcodanna éagsúla den chontae.  D'úsáid an Chomhairle na meáin shóisialta go mór, agus scaipeadh agus roinneadh teachtaireachtaí trí leathanach Facebook agus chuntas Twitter na Comhairle. Bhí na meáin shóisialta ina uirlis an-éifeachtach chumarsáide le linn Stoirm Dheasúin, nuair a sroicheadh breis agus 70,000 amharc ar Facebook agus breis agus 119,000 amharc ar Twitter. 

 

Bhí ról lárnach chomh maith ag na meáin áitiúla le linn Stoirm Dheasúin agus aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall an ról tábhachtach a d'imir na meáin áitiúla, chan amháin le daoine a choinneáil ar an eolas ach chun teachtaireachtaí tábhachtacha sábháilteachta a scaipeadh chuig an phobal, rud a chuidigh go mór lena chinntiú nár cailleadh duine ar bith i rith an deireadh seachtaine.

 

Agus roinnt laethanta stoirmiúla ós ár gcomhair amach go fóill, tá an Chomhairle ag iarraidh ar an phobal a bheith cúramach an t-am ar fad agus a bhí níos faichillí nuair a bhítear amuigh ar na bóithre.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO