Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bun an Ghaoith foscailte

Cé Bhun an Ghaoith foscailte go hoifigiúil

Bunagee Officially Opened

 

Tháinig an ghrian amach le fáilte a chur roimh na haíonna speisialta agus roimh mhuintir na háite araon tráthnóna Dé hAoine le haghaidh oscailt oifigiúil fhorbairt nua mara Bhun an Ghaoith i gCúil Dabhcha le Joe McHugh TD, An tAire Stáit don Diaspóra agus d’Fhorbairt Idirnáisiúnta.

 

Bhí cuma ghalánta ar Ché Bhun an Ghaoith agus 100 duine bailithe ar an ché agus ar an phontún nua leis an oscailt oifigiúil a cheiliúradh.

 

Agus é ag caint ag an ócáid rinne an comhairleoir áitiúil agus cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain, an Clr. Bernard McGuinness comhghairdeas le gach duine a thug an togra seo chun críche agus ghabh sé buíochas ar leith leis an phobal áitiúil.  Dúirt sé go raibh an lá seo i bhfad ag teacht agus go raibh lúcháir air a leithéid d’áis iontach a bheith ar fáil sa cheantar seo.  Labhair sé faoi stair na cé agus chomh tábhachtach agus a bhí sí don phobal áitiúil agus go háirithe do na hiascairí áitiúla.  Thug sé aitheantas don obair a rinne an Roinn Mara leis na háiseanna úra cé a athchóiriú, rud a fuair fáilte ó chroí ó na hiascairí áitiúla.

 

 

bunagee 

Mar chuid den fhorbairt úr mara i mBun an Ghaoith táthar i ndiaidh tearmann a fhorbairt ar a n-áirítear tonnchosc agus pontúin a thig glacadh le suas le 15 soitheach ag an Ché. Ba í Comhairle Contae Dhún na nGall a rinne an fhorbairt mar chuid de mhórthogra trasteorann agus trasnáisiúnta ar a dtugtar Seol Siar, agus bhí 21 páirtnéir páirteach ann as Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Cósta Thiar na hAlban.

 

Beagán níos lú ná €1.3 milliún a chosnaigh an togra agus fuarthas maoiniú fána choinne ó INTERREG IVA an Aontais Eorpaigh arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE.  Ba iad Deane Public Works a rinne an obair thógála agus ba ar Doran Consulting a bronnadh an conradh mar Innealtóirí Comhairleoireachta.

 

Agus é ag caint ag an ócáid dúirt An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, go gcuirfidh na háiseanna atá ar fáil anois ag Bun an Ghaoith borradh mór faoi fhorbairt na hearnála turasóireachta mara chan amháin in Inis Eoghain ach ar fud an chontae ar fad.

 

“Tá an fhorbairt seo ag Bun an Ghaoith fíorthábhachtach do straitéis iomlán na turasóireachta mara atá againn, agus is é sin slabhra de bhonneagar turasóireachta mara a fhás ar feadh an chósta le Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe le haghaidh turasóireacht mara san Eoraip.  Tá an fhorbairt seo suite i gceann de na háiteanna is áille sa tír, cóngarach don tsráidbhaile gleoite Cúil Dabhcha, agus is bunáit fhoirfe í a thabharfaidh deis do chuairteoirí Inis Eoghain a thaiscéaladh, chomh maith leis an chontae ar fad.”

 

 

Bunagee 1

 

Tógadh Forbairt Mhara Bhun an Ghaoith mar chuid den togra Seol Siar, togra faoinár tugadh isteach an branda an-aitheanta Uiscí Mhálanna in 2010.

 

Labhair Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus cathaoirleach ar Thogra Seol Siar ag an oscailt chomh maith.  Ba chuimhin leis an dóigh ar tháinig an togra chun tosaigh ó nach raibh ann ach coincheap nó smaointiú naoi mbliana ó shin go dtí an fhorbairt atá ar fáil inniu, chomh maith le branda margaíochta Uiscí Mhálanna, rud atá ag cuidiú le dul chun cinn mór a dhéanamh i nDún na nGall sa mhargadh iomaíoch ach luachmhar seo.  Ghabh Garry Martin buíochas le gach duine a bhí páirteach sa togra óna thús agus luaigh sé ach go háirithe na maoinitheoirí agus dúirt nárbh fhéidir an togra a dhéanamh gan iad.

 

Ina óráid siúd, thagair an tAire Stáit Joe McHugh don nasc láidir a bhí ag an cheantar le hAlbain agus don ról tábhachtach a d’imir páirtnéirí as Albain ó thaobh maoiniú a fháil don togra seo agus ghabh sé buíochas don chomhoibriú leanúnach atá léirithe acu i dtogra margaíochta Uiscí Mhálanna.  D’iarr sé ar na Comhairleoirí áitiúla leanúint de bheith ag tógáil ar na nascanna seo agus lámh a shíneadh amach do phobal Dhún na nGall chan amháin in Albain ach ar fud an domhain.    Dúirt sé go mbeidh na nascanna seo tairbhiúil do gach duine agus go bhfuil sé tábhachtach na caidrimh seo a chothú agus a fhorbairt mar is fríd na cineálacha seo nascanna a thiocfaidh deiseanna chun fáis agus chun forbartha.

 

 

Bunagee 2

 

Labhair an Teachta Charlie McConalogue TD ag an ócáid chomh maith, agus ba é Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall a rinne cathaoirleacht air. 

 

Cuireadh deireadh leis an ócáid le cuairt ar cheann de na báid atá feistithe ag an phontún faoi láthair agus tugadh cuireadh do gach duine dul go McCrory’s i gCúil Dabhcha fá choinne greim beag bia.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO