Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cáin Mhaoine Áitiúil

Bíodh do ghuth agat maidir le hathrú ar an ráta don Cháin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall

Bíodh do ghuth agat maidir le hathrú ar an ráta don Cháin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall

 

Iarrtar ar an phobal a dtuairimí a thabhairt i dtaca le moltaí leis an bhunráta Cáin Mhaoine Áitiúil a athrú i nDún na nGall in 2020.

 

Ba mhaith go mór le Comhairle Contae Dhún na nGall tuairimí a fháil maidir le haon mholadh a bheadh ann chun athrú a dhéanamh ar an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil agus go háirithe ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus, ar dóigh, ar sheirbhísí na Comhairle.

 

Is é atá sa Cháin Mhaoine Áitiúil cáin bhliantúil ar ghearrtar ar gach maoin chónaithe in Éirinn agus a tháinig i bhfeidhm in 2013.  De réir an Achta Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012, arna leasú, thig le húdaráis áitiúila bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú laistigh dá gceantar féin faoi uasmhéid de 15%. 

 

Ciallaíonn sé seo go dtig le Comhairle Contae Dhún na nGall an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i gContae Dhún na nGall a mhéadú nó a laghdú in 2020 faoi  uasmhéid de 15% ar ráta 2019.

 

Mar shampla, má tá luacháil níos lú ná €100,000 déanta ar theach, is é €90 an méid a bheadh i gceist leis an Cháin Mhaoine Áitiúil in 2019.   Má ardaítear ráta na Cánach Maoine Áitiúla faoi 15%, íocfaidh an t-úinéir tí seo €103.50 in 2019 agus má laghdaítear ráta na Cánach Maoine Áitiúla faoi 15%, íocfaidh an t-úinéir tí seo €76.50 in 2020.

 

Cuidíonn an t-airgead a bhailítear faoin Cháin Mhaoine Áitiúil le costais a bhaineann le réimse seirbhísí de chuid na Comhairle a sholáthar, mar shampla leabharlanna, soilsiú poiblí, cothabháil bhóithre, seirbhísí tithíochta, seirbhísí dóiteáin, ag plé leis an dumpáil mhídhleathach agus ceisteanna bruscair, tograí pobail, bainistiú trá agus tograí forbartha turasóireachta.

 

Má dhéantar aon athrú ar an Cháin Mhaoine Áitiúil, beidh impleachtaí aige sin do chumas na Comhairle na seirbhísí seo a chur ar fáil.  Mar shampla, má laghdaítear an ráta, agus mura mbíonn maoiniú eile ar fáil in ionad an laghdaithe seo, bhuel beidh níos lú ioncaim ar fáil don Chomhairle agus mar gheall air sin cuirfidh sin srianta ar líon agus ar réimse na seirbhísí agus na dtacaíochtaí is féidir a sholáthar in 2020.

 

Má mhéadaítear an ráta, beidh níos mó ioncaim ar fáil don Chomhairle, rud a chuirfidh ar ár gcumas seirbhísí agus tacaíochtaí a chur ar fáil in 2020.

 

I ndiaidh don Chomhairle roinnt ceisteanna a phlé, d’fhéadfadh muid cinneadh a dhéanamh gan an ráta a athrú agus é a fhágáil go díreach mar atá in 2019.

 

Ba mhaith go mór le Comhairle Contae Dhún na nGall do thuairimí a chluinstin i dtaca le haon mholadh a bheas ann leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil a mhéadú nó a laghdú i nDún na nGall in 2020.  Ba mhaith leis an Chomhairle, go háirithe, níos mó eolais a fháil ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar an bhunráta Cáin Mhaoine Áitiúil ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus, ar ndóigh, ar sheirbhísí de chuid na Comhairle.

 

Tá tuilleadh eolais, chomh maith le liosta de na ceisteanna is coitianta, ar fáil anseo.

 

Is é an dáta deireanach le tuairimí a chur isteach ná an 16 Lúnasa 2019, agus ba chóir na tuairimí sin a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] nó iad a chur sa phost chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, Aighneachtaí maidir le CMÁ (LPT), Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall.

 

Pléifidh na Comhairleoirí Contae tuairimí an phobail, mar chuid den phróiseas le cinneadh a dhéanamh, ag cruinniú go mall i mí Mheán Fómhair 2019 nuair a dhéanfar cinneadh deireanach maidir le haon athrú ar an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO