Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Caint ó Stella O Malley sna Leabharlanna

An tÚdar Stella O’Malley ag caint ar Mhiotal agus Mianach i measc na nÓg

 

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh cainteanna saor in aisce dar teideal ‘Páistí a neartú i gcoinne na Bulaíochta’ á dtabhairt ag Stella O Malley, Údar iomráiteach agus Síciteiripeoir, ag a bhfaighfear eolas praiticiúil a chuideoidh le páistí fás aníos le muinín, le teacht aniar agus le neart, sa Lárleabharlann Déardaoin 7 Feabhra ar 6.30pm agus i Leabharlann Bhun Cranncha Dé hAoine 8 Feabhra ar 10.30am

 

 

Is gairmí meabhairshláinte, údar sárdhíola, agus cainteoir poiblí í Stella O’Malley. Tá béim ar leith i saothar scríbhneoireachta Stella, agus ina hobair chomhairleoireachta, ar an mheabhairshláinte agus ar an tábhacht atá le folláine. Scríobhann sí go rialta don Irish Independent agus don Sunday Independent.

 

Tá na himeachtaí leabharlainne seo mar chuid de Éire Shláintiúil. Is é atá in Éire Shláintiúil feachtas náisiúnta chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú. Is é is príomhsprioc leis ná an drochshláinte a sheachaint agus daoine a choinneáil níos sláintiúla go ceann níos faide. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.librariesireland.ie/healthyireland

 

Tabharfaidh Stella leideanna agus noda duit faoin dóigh le dul i ngleic le buairt agus le muinín i measc na n-óg.

 

Beidh ráchairt mhór ar an chaint seo agus mar sin de ba chóir duit áit a chur in áirithe go luath. Le d’áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil leis an Lárleabharlann ar 074 9124950 nó ar Bhun Cranncha 074 9361941.

 

Dúirt Kevin McCaul, an comhordaitheoir ar Éire Shláintiúil i Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall: “ Tá lúcháir orainn gur aontaigh Stella a bheith bainteach le Clár Éire Shláintiúil. Tá sí ag cuidiú linn an réimse leathan acmhainní sláinte agus folláine atá ar fáil i leabharlanna ar fud an chontae a chur chun cinn. Tá muid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh Stella agus roimh an lucht éisteachta ar fad chuig an dá ócáid.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO