Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Caithfear a bheith faicheallach sa Drochaimsir

Caithfear a bheith faicheallach sa Drochaimsir

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do gach duine a bheith cúramach i ndiaidh do Met Éireann Rabhadh Oráiste Aimsire a eisiúint, chomh maith le fógra comhairleach le haghaidh lán mara teacht ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

 

D'eisigh Met Éireann Rabhadh Oráiste Aimsire do Dhún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach agus An Clár, ag tuar gaothanna ó dheas, ag tiontú siar, ar uas-luasanna de 45 agus 65 km/hr agus séideáin idir 70 agus 100km/hr inniu agus go luath anocht. 

Beidh sé iontach gaofar nó stoirmiúil ón mheán oíche ar aghaidh, le gaothanna aniar suas go dtí 50 agus 70 km/hr agus séideáin suas go dtí 100 agus 130 km/hr. 

 

Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall fógra comhairleach le haghaidh lán mara ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) fosta, ag comhairliú go mbeadh tréimhse de Thaoidí arda réalteolaíocha Earraigh amárach, agus nuair a chuirfear sin san áireamh le tonnta stoirmiúla gur dócha go mbeadh an leibhéal farraige níos airde ná an Taoide Réaltaíoch is Airde (TRA) i gceantracha cósta i nDún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo agus Gaillimh, agus beidh baol breise ann go mbeidh tuilte i gceantracha cósta.

Táthar ag dréim gur Dé Céadaoin 10 Nollaig 2014 a bheas na leibhéil farraige is airde le linn na tréimhse seo, go háirithe ag na hamanna sin nuair atáthar ag tuar Uisce Ard. 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith faicheallach, go háirithe i gceantracha cois cósta agus i gceantracha ina mbíonn baol tuilte cósta ann. 

 

Coinneoidh an Chomhairle súil ar na coinníollacha agus tá baill foirne ar fáil chun freagairt d'aon scairteanna éigeandála. 

 

I gcás éigeandála le linn uaireanta oifige cuir scairt ar 0749153900.

 

I gcás éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige, cuir scairt ar 0749172288 le haghaidh Seirbhísí Bóithre nó 0749172399 le haghaidh Seirbhisí Uisce. 

Coinnigh suas chun dáta le coinníollacha bóthair le linn an gheimhridh trí muid a leanúint ar Twitter @roadsdcc nó @donegalcouncil nó ar an leathanach Facebook

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO