Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar an phobal i nDún na nGall gearradh siar ar úsáid uisce go ceann tamaill. Tá na leibhéil uisce atá ar fáil i bhfad níos ísle ná mar is gnách de bharr na haimsire tirime a bhí ann le tamall anuas.
Má fhaigheann tú do chuid uisce ó Loch Choilm (ag freastal ar Bhaile na nGallóglach, An Cheathrú Chaol, Ráth Maoláin, agus Ráth Mealtain), nó ó Loch Fad (ag freastal ar Rinn Uí Choigligh, Carraig Mhic Uidhilín, Bun an Phobail agus cuid den Chaisleán Nua) ba chóir duit an oiread uisce agus is féidir a chaomhnú, agus má tchíonn tú aon sceitheadh uisce ba chóir duit sin a chur in iúl trí scairt a chur ar líne custaiméara Uisce Éireann atá ar fáil 24/7 ar 1850 278 278.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar suíomh idirlín Uisce Éireann ar an leathanach a phléann le nuacht fá sholáthair agus fá sheirbhísí ar www.water.ie