Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > CCB Comhairle na Seanóirí

Guth na seanóirí ag croílár an tsaoil i nDún na nGall

Older Persons Council group

Baill nuathofa de Chomhairle na Seanóirí i nDún na nGall

 

Bhí guth na seandaoine le cluinstin go hard agus go soiléir ag Cruinniú Cinn Bhliana Chomhairle na Seanóirí Dé Céadaoin seo caite (23 Eanáir) in Óstán an Mount Errigal, áit a raibh slua mór daoine i láthair ó gach cearn de chontae Dhún na nGall in ainneoin an rabhadh go raibh an aimsir le dul chun donais.

Ba é an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, a d’oscail an cruinniú ginearálta bliantúil agus mhol sé an obair dhearfach atá á déanamh ag Comhairle na Seanóirí i nDún na nGal agus d’iarr sé ar áisíneachtaí ar fud Dhún na nGall leanúint de bheith ag comhoibriú le Comhairle na Seanóirí chun go mbeidh Dún na nGall ina áit iontach le dul in aois ann.  

 

Labhair Séamus Ó Conghaola, Príomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar an Chomhaontas Aoisbhá, ag an chruinniú chomh maith. Labhair an tUas. Ó Conghaola faoi Chlár Aoisbhá Dhún na nGall agus faoin Straitéis Aoisbhá trí bliana a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair, agus is é a dúirt sé: “fuarthas an-léargas ón turas seo atá déanta againn uilig le linn Straitéis Aoisbhá Dhún na nGall, agus tá an-tairbhe bainte as ag gach duine a bhí páirteach. Trí bheith ag obair le chéile bhí muid in ann athrú suntasach a chur i bhfeidhm ar dhóigh shamhlaíoch agus chostéifeachtach. 

 

Grainne HynesMary McGowan

Grainne Hines agus Mary McGowan, Comhchathaoirligh ar Chomhairle na Seanóirí i nDún na nGall 

“Mar shampla, tá comharthaí úra curtha in airde, agus an chéad Charrchlós Aoisbháúil curtha isteach, mar thoradh ar an Iniúchadh Insiúltachta in Otharlann Ollscoile Leitir Ceanainn.  Tá Leitir Ceanainn ainmnithe mar an chéad bhaile mór aoisbháúil i nDún na nGall, áit ar cuireadh clár oiliúna ar fáil i dtaca le haoisbháúlacht do bhaill foirne ar an líne thosaigh i gComhairle Contae Dhún na nGall, chomh maith le Leabhrán Eolais a sheoladh i dtaca le Daoine Níos Sine. Tá an tseirbhís bus Local Link de chuid SITT ina lámh tharrthála do chuid mhór seandaoine i nDún na nGall agus tá Comhairle na Seanóirí go mór chun tosaigh le tuairimí a cuid ball a chur in iúl, a raibh de thoradh air bealaí úra agus seirbhísí breise chun freastal ar na riachtanais atá ag daoine níos sine, go háirithe iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantracha tuaithe.  

 

“Is athrú suntasach é seo, agus athrú atá i ndiaidh teacht i bhfeidhm de bharr gur éisteadh le tuairimí na seandaoine. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt don obair atá déanta ag Comhairle na Seanóirí agu go háirithe ag Gráinne Hines agus Mary McGowan, agus buíochas ó chroí a ghabháil leo mar go mbainfidh muid uilig tairbhe as an obair seo de réir mar a théimid anonn in aois. Lena chois sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl ag baill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall, go háirithe Charles Sweeney agus Mairéad Cranley, san Aonad um Chuimsiú Sóisialta.” 

 

Rinne an bheirt chomhchathaoirleach Gráinne Hines agus Mary McGowan tuairiscí a chur i láthair maidir le cuid de na tograí atá ar bun ag Comhairle na Seanóirí, ina measc tograí idirghlúine, teagmháil agus plé le seirbhísí sláinte le haghaidh seandaoine, agus trealamh aclaíochta a chur isteach i bPáirc Bhaile Leitir Ceanainn. Ina haitheasc siúd, mhol Bean Uas. Hines do sheandaoine clárú mar bhaill de Chomhairle na Seanóirí le go mbeidh guth acu ar cheisteanna a imríonn tionchar ar a saol. Déanann Comhairle na Seanóirí ionadaíocht ar ghrúpaí le haghaidh daoine scothaosta, grúpaí stocaireachta, daoine atá ag dul i dtreo na seanaoise, daoine aonaracha, seandaoine leochaileacha, daoine a dhéanann ionadaíocht ar son seandaoine atá i dtithe altranais agus daoine atá bainte le seirbhísí do sheandaoine i nDún na nGall.  

 

Bhí Fergus Cleary mar aoichainteoir ag an ócáid, le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh agus scéalta agus cuimhní cinn a chomhroinnt fána thuras féin tríd an saol agus faoin taithí atá aige ar dhul anonn in aois i nDún na nGall.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO