Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clár Imeachtaí Seachtain Oidhreachta 2017

Clár Imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Dhún na nGall ar fáil anois

 

Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl i mbliana ón Satharn 19 Lúnasa go dtí An Domhnach 27 Lúnasa 2017.  Is é téama na bliana seo ‘Is é do nádúrsa é’ agus béim ar na ceangail atá ann idir an duine, a cheantar agus a oidhreacht nádúrtha.  Tá leabhrán póca saor in aisce curtha le chéile ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall le haghaidh imeachtaí oidhreachta i gContae Dhún na nGall, agus tá eolas istigh ann fá 124 imeacht a bheas ar siúl sa chontae, an chuid is mó acu saor in aisce.  

 

Is iad aidhmeanna na Seachtaine Oidhreachta feasacht a ardú i dtaca lenár n-oidhreacht agus daoine a spreagradh le í a chosaint, a chaomhnú agus a chothú. 

 

Tá Contae Dhún na nGall ar an chontae leis an líon is mó imeachtaí in aghaidh an daonra agus tá breis agus 20 ceann de na 124 imeacht atá beartaithe don tSeachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall á reáchtáil nó á óstáil ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall. 

 

I measc na n-imeachtaí imeachtaí beidh laethanta oscailte oidhreachta, siúlóidí treoraithe, turais allamuigh, taispeántais, comhdhálacha, cainteanna léirithe, athléirithe stairiúla, taispeántais éanacha creiche, ag amharc ar mhíolta móra, turais ghairdíní, taispeántais scileanna traidisiúnta, aontaí ceardaíochta, traenáil i scileanna, imeachtaí seolta, scéalaíocht, ceol traidisiúnta agus imeachtaí do pháistí.

 

 Sheol Joe McHugh, T.D, Aire Stáit, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Clár Imeachtaí Oidhreachta do Chontae Dhún na nGall, in Iarsmalann an Chontae, Leitir Ceanainn, Dé Máirt 8 Lúnasa, agus beidh an leabhrán ar fáil in Oifigí Turasóireachta, Leabharlanna, oifigí de chuid na Comhairle agus in Ionaid Oidhreachta.  Is féidir an Clár Imeachtaí a fheiceáil ar líne anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO